Wednesday, July 8, 2009

Dán beag

Caint ar Dhúchas

Aoife bheag, 
labhair sí go saor ar ábhair an gharraí. 
Ba déanamh an iontais di fód na móna,
péist an talaimh is sleabhac na trá.
Ar an fhístéip phléigh sí na nithe seo
á muirniú lena teanga linbh - 
í ag suirí leis na focail
súgradh ina súile.

Cúig bliana níos faide anonn:
Aoife is a muintir sa bhaile,
blianta caite i Londain acu, 
iad ag tochailt cuimhní,
Nuair a thig cruth na girsí aníos ar scaileán
í ag bladaráil léi,
beag an tsuim sa cheamara aici
ná an téip ag taifead a dúchais.

De phreab, ghealaigh óige a súile arís - 
iontas úr roimpi.
Bhí corraí ina teanga bhalbh:
"Mummy, wot am I sayin' there, mum?"


Luaigh mé Aoife roimhe seo. Ní raibh aici ach Gaeilge nuair a bhí sí óg, níl focal aici anois. Scríobh mé an dán seo roinnt blianta ó shin. Tháinig mé ar ais chuige le gairid, ag iarraidh snas níos fearr a chur air. Ní bhím a choíche sásta. :(

6 comments:

  1. Whoa. An-dán. An méid sin ráite agat i cúpla líne. (Dála an scéil, léigh mé "Dan beag" in áit "Dán beag" ar dtús, agus bhí mearbhall orm nuair a thosaigh tú leis na focail "Aoife bheag"!)

    ReplyDelete
  2. Meas tú an mbíonn file riamh sásta lena saothar, a chara!

    ReplyDelete
  3. Is dócha nach mbíonn. a Áine. Is dócha go dtig an t-am nuair a caithfeas tú na páistí a scaoileadh saor...

    ReplyDelete
  4. Dán an deas seo a Phroinsias.. Go raibh maith agat freisin as do focail cinéalta i léith iarracht mo fhilíochta. Do thug sé an-muinín dom.
    Tá a fhios agam go bhfuil bóthar fada romham i léith na scríbhneoireachta. Míle bhuíochas

    ReplyDelete
  5. Míle fáilte romhat. Bhain mé an-sult as iad a léamh. Go raibh maith agat as iad a roinnt.

    ReplyDelete