Tuesday, July 28, 2009

Leonard Cohen

Chuaigh muid chun Leonard Cohen a fheicáil ag an deireadh seachtaine. Wow! 
Níorbh ea mise an duine ba mhó dá lucht leanta fríd na blianta, gan ar eolas agam ach trí nó ceithre cinn dá mhóramhráin, ach bhí dúil ag Suzanne ann riamh. Ó tharla gur breithlá s'aici a bhí ann cúpla seachtain ó shin cheannaigh mé na ticéidí, shocraigh mé feighlí linbh don oíche agus chuaigh muid go Béal Feirste chun é a fheiceáil. Bhí sé iontach ar fad!
Tá sé i gcónaí níos sásúla a bheith ag éisteacht le duine beo nó a bheith ag éisteacht leo ar dhlúthcheirníní. Tchítear domhsa go mbíonn níos mó beochta agus mothúcháin le cluinstin sa cheol. Uaireanta nuair a thaifeadtar ceol sa stuidió, bíonn cúpla iarracht ar an amhrán, tagann lucht teicneolaíochta isteach sa scéal, gearrtar amhráin suas agus cuirtear le chéile iad ar dhóigh a mheastar a bheith foirfe. Go minic, áfach cailleann sé cuid den fhuinneamh ámh a thig le ceol beo. Mothaím seo go háitithe i gcás daoine ar nós Christy Moore. Chonaic mé beo é go minic, ach stad mé ag ceannach a chuid dlúthdhioscaí. Dar liom, d'éirigh siad leadránach agus stálaithe i ndiaidh éisteacht nó dhó.
Ceann de na rudaí is mó a thaitin liom faoin cheolchoirm Oíche Dhomhnaigh ná an fhilíocht a bhí sna hamhráin, ní amháin sna hamhráin ach sa duine féin. Dhá uair i rith na hoíche rinne sé aithris ar dhánta nó liricí a bhí scríofa aige, gan ach tionlacán bog ceoil sa chúlra. Bhí sé an-speisialta ar fad. 
Thosaigh an cheolchoirm ag a hocht, níor fhág sé an t-ardán go dtí 11.15. Luach ár gcuid airgid faighte againn gan dabht ar bith. Bhí mé ar iTunes an mhaidin ina dhiaidh ag íoslódáil a chuid ceoil. Níl an ceol stuidió chomh maith is a bhí an fear beo, ach is cuma. Tá mise ar an duine is déanaí dá chuid lucht leanta, agus ní bheidh mé ag fanacht ar leithscéal ar nós breithlá chun na ticéidí a cheannach má thig sé chugainn arís.

Scéal deas romhainn nuair a d'fhill muid ar an oileán inné. Fiacal in uachtar faighte ag Cara Bheag. Tá dhá cheann in íochtar aici le ceithre mhí anuas, agus shíl muid nach dtiocfadh na cinn eile a choíche, ach tá siad ar an bhealach. Tá mé ag imeacht chun an tsiopa anois chun an Calpol agus Bonjella a cheannach. Beidh siad de dhíth go géar sna laethanta romhainn amach. Chuala mé bean ag rá an lá faoi dheireadh gur ghnách léi gin a thabhairt do na páistí nuair a bhí ficala á ngearradh acu. Moladh/comhairle ar bith ag aon duine???

7 comments:

  1. Ná bac leis an gin, fan leis an calpol agus déanfaidh sé an ghnó.Cuirfeadh an gin iad ag casachtach.

    ReplyDelete
  2. Tháinig muid fríd gan ach leigheas homopatheaich. Chamomila, más buan mo chuimhne.

    ReplyDelete
  3. Is é mo thuairim féin go bhfuil an Nurofen (nó branda cineálach eile ina bhfuil Ibuprofen) i bhfad níos fearr ná an Calpol. Ach "your mileage may vary" mar a déarfá.

    ReplyDelete
  4. Dozol, sin ceann eile. Bhain muid triail astu ar fad ach amháin an t-alcól. Bhí muid rud beag imníoch é a thabhairt dóíbh, cé gur moladh go minic dúinn é a chuimilt ar na drandail. Creidim nach ndéanfadh sé dochar ar bith... oibríonn sé domhsa agus do Suzanne nuair a bhíonn cointinn orainn!

    ReplyDelete
  5. Ar chuala tú faoi "gripe water" riamh? Bhíodh an-mhuinín ag a lán máithreacha as tráth den saol... ochtó éigin bliain ó shin! :-)

    ReplyDelete
  6. Mo chomhairle... neart barróga...:-)

    ReplyDelete
  7. Chuala mé faoin 'gripe water' ceart go leor. Sin a bhí in úsáid ag mo mháthair féin nuair a bhí mé óg. Ar an drochuair, tá sé bainte den mhargadh. Ní thig é a cheannach níos mó - tá alcól istigh ann is cosúil!

    ReplyDelete