Tuesday, July 14, 2009

Na Comharthaí Aimsire

B'fhéidir gur labhair mé ró-ghasta inné. Bhí an ghrian ag scoilteadh cloch arís ar maidin. Aimsir chomh deas sin gur éirigh liom dul ag snámh tráthnóna. An chéad uair san fharraige domh i mbliana!
Bhain an t-athrú aimsire cuid mhór comhrá as bunadh an tí inné agus ar maidin. Tharraing mé an comhrá ar na comharthaí aimsire a bhíodh ag daoine fadó. Thosaigh Madgie Phatrick (máthair Suzanne) ar an seanchas láithreach. 
Bhí cuid de na rudaí a bhí aici cloiste agam roimhe seo, ní raibh cuid eile. Dar léi dá mbeadh bearad ar an Eargail (caipín ceo, a bhí i gceist) go mbeadh aimsir mhaith ann. Ar an dóigh chéanna dá mbeadh ceo aneas ann, bheadh aimsir mhaith i ndán. Dá mbeadh súgradh na bpáistí le cloisteáil i ngar duit agus iad i bhfad ar shiúl, ba chomhartha é go raibh biseach le teacht ar an aimsir, dar léi. 
Ceann de na rudaí is mó a chur mé suim ann nó ceann a bhí ag Dan Sailor, athair Suzanne. Ba ghnách leis a rá (tá an duine bocht marbh anois) go nglanfadh toirneachaí tinneas nó easláinte amach as áit. Ní raibh a leithéid cloiste agam roimhe.
Tá tuilleadh de na comharthaí seo ann. Cuirfidh mé in airde anseo iad má tá suim ag aon duine iontu. Go dtí sin, tá mé ag guí go leanfaidh an aimsir mhaith ar aghaidh go dtí amárach ar an laghad. Lá Naomh Swithin. Má tá sé maith amárach, beidh sé maith go deireadh an tsamhraidh!

4 comments:

  1. Maidir le toirneacha agus sláinte, chuala mé riamh go mbíonn níos mó ian diúltach (negative ions) san aer díreach tar éis stoirm thoirní, agus go n-ardaíonn na hiain seo giúmar an duine. Féach:

    http://www.medicinenet.com/script/main/art.asp?articlekey=52131

    ReplyDelete
  2. Iontach suimiuil, a fheara! Go raibh maith agaibh.

    Cinnte, a Phroinsias, ba mhaith liom tuilleadh ar an ábhar seo uait.

    Dennis, chuala mé go bhfuil cumhacht san eas, freisin, a thugann fuinneamh do dhuine a sheasann gar dó. Ar chuala ceachtar agaibh iomrá air sin?

    ReplyDelete
  3. Sea, a Áine, easanna chomh maith. Má tá SeánÓ á léamh seo, caithfidh sé míniú dúinn uilig cén chaoi a dtarlaíonn sé seo, an t-ianú féin agus a anáil ar mhothú an duine.

    Níos mó ar thuartha na haimsire cinnte, a Ph!

    ReplyDelete
  4. An suimiúil go deo, a Denis. Thuigfinn go dtiocfadh le duine an aimsir a léamh ón treo as a raibh an ceo nó na scamaill ag séideadh, ach níor chreid mé riamh go dtiocfadh le míniú a bheith ag an eolaíocht ar thoirneach agus sláinte duine. Shíl mise nach raibh ann ach pisreog! Go raibh maith agat.

    ReplyDelete