Thursday, July 30, 2009

Óró, 'Sé do bheatha Mhuire!

Is duine mé atá an-tugtha don cheol agus do rannta, mar is eol do léitheoirí rialta. Déanaim iarracht an dúil sin a chur ar aghaidh chuig na páistí. Is minic muid ag ceol agus ag filíocht lena chéile.
Bhuail sé mé an lá faoi dheireadh go bhfuil seans ann go bhfuil mé ag cur barraíocht os a gcomhair. Tháinig Dan isteach sa tseomra agus é ag ceol leis: 

"Óró, 'Sé do bheatha Mhuire
Óró, 'Sé do bheatha Mhuire
Anois ar theacht an Snowman!"

Níl fhios agam cad a bhí ar intinn an fhir bhig - a chuid paidreacha, Gráinne Mhaol nó Frosty!

2 comments:

  1. Aclaíocht teangain, mar is dual dá aois!

    Iad ar fad, gach seans.

    Ní féidir barraíocht a chuir ós a gcomhair - cuirfidh siad féin ord agus eagar ar diaidh ar ndiaidh.

    ReplyDelete
  2. Cumadóir eile, b'fhéidir...:-)

    ReplyDelete