Wednesday, July 22, 2009

Scampáil

Bhí mé amuigh ag déanamh seic ar thithe na scoláirí anocht. Is í an chuid is fearr liom de obair an mhúinteora ar choláiste samhraidh sa Ghaeltacht. Níl againn le déanamh ach dul thart fá na tithe, cuntas a dhéanamh ar na scoláirí, seiceáil go bhfuil achan rud i gceart leo. Ansin, de ghnáth caithim seal comhrá le bean an tí. Is breá liom é.
Corruair, bíonn fadhb nó dhó le réiteach ar dtús. Ceann de na fadhbanna sin nó an scampáil! Sin an focal atá againn air sa cheantar seo cibé ar bith. Gasúraí óga de bhunadh na háite ag dul thart ag bualadh ar fhuinneoga na ngirseachaí. 
Is nós seanbhunaithe ar an oileán é. Tá aithne agam ar sheandaoine a bhí ag gabháil dó nuair a bhí siad ina stócaigh. Creidim go raibh mé féin ag gabháil dó, lá den tsaol. Ní bhíonn mórán trioblóide leis na gasúraí. Níl de dhíobhail orthu ach an chase, mar a déarfá. Chomh luath is a fheiceann siad carr an mhúinteora ag teacht, baineann siad na bonnaí as!
Is í an cheist atá agam anocht nó, an bhfuil an focal sin - scampáil - in úsáid i gceantracha eile. Muna bhfuil cad é an focal atá ann dó sna Gaeltachtaí eile?

4 comments:

  1. Nach bhfuil an focal sin ana-cosúil leis na focail Béarla scamping, scamper, scamp, etc.? De réir answers.com is ón Ollainnis a thagann an focal. Bainim féin úsáid as "ag pleidhcíocht" nó "ag messáil" b'fhéidir.

    ReplyDelete
  2. Aon seans go gcuirfeadh tú an RSS feed don bhlag seo istigh i twitterfeed.com ionas go mbeadh fhios againn nuair atá píosa nua scríofa agat?

    ReplyDelete
  3. Déarfainn go bhfuil an ceart agat, a Dave. Déarfainn gur ón fhocal 'scamp' sa Bhéarla a tháinig sé. Tá an focal ann le mo chuimhne, b'fhéidir go bhfaighidh sé aitheantas am éigin amach anseo.

    Bainfidh mé triail as an twitterfeed... níl mé ró-mhaith ag ríomhaire. Seans go nglacfaidh sé tamall orm. :-)

    ReplyDelete
  4. Diabhlaíocht an focal a bheadh in úsáid i gConamara, cheapfainn, dá dtarlódh a leithéid de scampáil ann.:-)

    ReplyDelete