Friday, July 17, 2009

An Traonach

I mo shuí anseo, tá mé ábalta an traonach a chluinstin. Sílim go bhfuil sé sa pháirc trasna an bhealaigh uainn. Tá sé i gcónaí doiligh a dhéanamh amach cá háit go díreach ina bhfuil sé. Uaireanta síleann tú go bhfuil sé taobh thiar duit, uaireanta eile os do chomhair. Cosúil le mórán rudaí a bhfuil luach thar an choiteann orthu, is deacair greim chinnte a fháil orthu.
Tháinig an rann seo chun cuimhne agus mé ag smaointiú air:

An lon dubh, an dreoilín,
an chuach, an spideog,
an chéirseach, an seabhac,
an traonach, an fhuiseog,
tagaigí im' ghaobhar
agus éistigí lem' ghlór
is toghfaidh mé rí beag
a shuífidh i gcoróín.

An té a déarfaidh an rann seo
gan crith ina ghlór
beidh maoin agus ríocht aige
aoibhneas is spórt. 

2 comments:

  1. Bhíodh an traonach i bhfad níos coitianta san Eoraip, mar atá a fhios agat. Seo giota béaloidis ón sean-am:

    Trí comartha láthraig mallachtan: tromm, tradna, nenaid.

    (trom, traonach, neantóg)

    -Trecheng Breth Féne #129

    http://www.smo.uhi.ac.uk/sengoidelc/donncha/trecheng/

    ReplyDelete
  2. Chuaigh mé fá choinne siúlóid bheag aréir, agus tá mé cóir a bheith cinnte de gur chuala mé trí thraonach difriúil. Tá mé cinnte faoi dhá cheann acu, mar bhí siad scartha óna chéile giota maith, ach tá mé in amhras faoi cheann amháin acu, seans gurbh é an ceann céanna a chuala mé faoi dhó.
    Bhuail mé isteach i dteach tabhairne ar an bhealach chun pionta nó dhó a ól. Bhí mé i mo sheasamh taobh amuigh ag caitheamh toitín le beirt eile agus bhí traonach glórmhar sa pháirc os ár gcomhair. Thosaigh muid ag caint air. Thug duine de na leaids a bhí liom le fios go bhfuil dhá cheann eile ar an taobh eile den oileán. Is cosúil go bhfuil méadú measartha ag teacht ar dhaonra na dtraonach - anseo cibé ar bith!

    ReplyDelete