Friday, April 30, 2010

Clár an Leithris

Is cosúil go bhfuil sé i nadúr na mban na fir a choinneáil ina n-áit!
Go gairid i ndiaidh am suipéara inniu, tháinig bean bheag chrosta isteach sa tseomra suí chugainn:
"Cé chuir an clár ar an leithreas suas?"
"Níl fhios agam." - Ba léir nár chreid sí mé.
"B'fhéidir gur tusa a rinne é, Daidí." - Bhí mé i dtrioblóid anois!
"Cóir a bheith gur thit mé síos an leithreas!"

Bhí fonn mór gáire orm, ach chuir mé stad liom féin. Bhí cuma chomh crosta sin uirthi. Tá an aghaidh sin feicithe agam ar mhná roimhe seo, agus tá fhios agam nach é an gáire an freagra is fearr uirthi, mar aghaidh.

"Tá mé buartha, Margaret. Ní dhéanfaidh mé arís é!"

5 comments:

  1. D'fhreagróchainnse "tuighe nár amharc tú ar an leithreas sular shuigh tú síos air? An dteachaigh tú isteach sa tseomra leithris 's tú a' siúl siar?" :-)

    ReplyDelete
  2. Caithfidh mé a rá go bhfuilim ar aon intinn le Lughaidh anseo! Bíodh sin mar atá, níl sé chomh greannmhar sin nuair a éiríonn girseach bheag i lár na hoíche, í leath ina codladh, agus ... *splais* ... fliuch báite agus ag gol in aird a cinn!

    ReplyDelete
  3. "Bhí mé i ngrá, meallta ar fhear a thug neamhaird orm ar feadh míonna. Elijah is ainm dom. Bainim úsáid as a bheith ag obair leis, agus nuair a aistríodh é go dtí an Eoraip bhí mé millte agus chuaigh mé ag cuardach cabhrach nuair a tháinig mé trasna an fear seo ar an suíomh Dr Obodo R-phost templeofanswer@hotmail.co.uk agus iarraim cabhair chun go mbeadh sé i gcuimhne agus tar éis 3 lá den obair a ghlaoigh sé orm agus dúirt sé liom go dtaitníonn sé liom.
    ... Go raibh maith agat an Dr Obodo Tá dúil mhór agam as do chuid oibre. "- Monique, SAM

    ReplyDelete