Saturday, April 3, 2010

Ná bímis ró-chua ar Iúdas!

Tharla mé ag méarú mo bhealaigh fríd na staisiúin teilifíse anocht agus tháinig mé trasna ar an scannán 'Jesus Christ Superstar', ceann de na ceoldrámaí is mó a tharraing mo dhúil fríd na blianta agus é feicithe agam go minic ar an ardán. Ní shílim go dtugann an scannán a cheart don cheoldráma é féin, ach sin ráite bhain mé sult as.
Thaitin an ceol go mór liom riamh, ach fosta thaitin an modh inste scéil go mór liom. Scéal an Chéasta inste trí shúile Iúdais. Caithfidh mé a admháil go raibh bá éigin agam do Iúdas - an duine is mó a shaothraigh míchlú dó féin i stair na Críostaíochta - riamh. Deir daoine áirithe gur ghníomhaí de chuid an Diabhail a bhí ann, ach ag an am chéanna ní fhéadfaí plean Dé a chur i gcrích gan é. Bí ag caint ar dhuine a bhí gaibhte idir dhá thine Bhealtaine!
Is maith liom an carachtar. Is maith liom an phraiticúlacht a bhaineann leis. Is maith liom an réalachas a bhaineann leis. Feicim mé fein ann go minic, duine gur mhaith leis creideamh gan ceistiú a bheith aige, duine nach dtuigeann an pictiúr mór. Tá daonnacht mhaith ag baint leis an charachtar agus ní chóir dúinn é a lochtú barraíocht - má dhéanaimid, is amhlaidh go bhfuil muid dár lochtú féin mar dhaoine.
Ceann de na línte is fearr liom uaidh (sa cheoldráma): "Your followers are blind, too much heaven on their mind..."
Nach maith a d'fhoirfeadh sin don chraic a bhí ar siúl san Eaglais, a chuir na deisceabail eile tús léi, le tamall anuas!

3 comments:

  1. Sílim go mb’fhearr dúinn an scéal a bhreathnú mar atá sé — trí shúile Iúdáis. D’inseodh Iúdás scéal difriúil go soiléir leis an cheann a d’inis N. Maitiú agus N. Eoin. Ina theannta sin is mór idir Iúdás agus Peadar a rinne siad beirt peaca (“Móra duit, a Rabbi!” agus “Ní haithnid dom an fear sin!”). Ghoil Peadar go géar, ach chroch Iúdás é féin. Thug Iúdás ar ais na triocha píosa airgid, ach thóg sé an aithrí chontráilte.

    ReplyDelete
  2. De réir Shoiscéal Iúdáis, téacs gnóisíoch a bhfuil alt faoi anseo, bhí Iúdás umhal do Íosa tríd síos.

    ReplyDelete
  3. Is iomaí scéal a chumtar sa saol seo. Dar le Críostaithe, níl ach Soiscéal amháin ann, ámh (agus ceithre fíorleagan den scéal).

    ReplyDelete