Wednesday, April 14, 2010

Poll a' Mhadaidh

Poll a' Mhadaidh, Árainn Mhór

Tá ár gconspóid bheag féin - amhail Dingle/Daingean - ag dul ar aghaidh sa bhaile le bliain nó dhó anuas. Is é an logainm "Poll an Mhadaidh" atá ag cruthú plé agus díospóireacht le tamall anuas.Tá daoine áirithe ag maíomh gur chóir "Poll na mBádaí" a thabhairt air. Deir siad gur calafort a bhí ann riamh anall agus ceistíonn siad an "Madadh". Níl aon rud, dar leo, sa dinnseanchas a thagraíonn do Mhadadh. Is cosúil go bhfuil an argóint ag cruinniú nirt mar nuair a foilsíodh eolaí fóin áitiúil (uimhreacha an oileáin amháin) an bhliain seo chuaigh thart, ba é "Poll na mBádaí" a bhí luaite mar sheoladh ag daoine a bhí ina gcónaí ann.
Tá mise go hiomlán ar an taobh eile, caithfidh mé a rá. "Poll a' Mhadaidh" a deirtear sa chaint, Tá "Poll an Chait" in aice leis agus tá mé den bharúil láidir gur áit í ar ghnách madaí a bháitheadh. Creidim go bhfuil daoine áirithe ag aistriú an logainm go Béarla mar "The Dog's Hole" agus ag baint ciall 'tóin' as agus gur sin an rud is mó atá ag cur isteach orthu. Míthuigbheáil ar an fhocal 'poll' atá i gceist. Déanaim iarracht é sin a chur ar a súile dóibh ach níl maith a bheith leo.
Tá íogaireacht ag baint le logainmneacha. Cúpla bliain ó shin, vótáil an pobal in eastát tithíochta anseo i Leitir Ceanainn ar ainm an eastáit a athrú mar gur shíl siad go raibh drochainm faighte aige de thairbhe maistíneachta. Is dócha go bhfuil na tosca céanna ag obair nuair a chuirtear ainmneacha 'galánta' ar nós "Windemere Downs", "Elmwood Gardens" agus a léithéid ar eastáit tithíochta. Bréag-ghalántacht atá ann cinnte, ach is dócha go mbíonn daoine ag iarraidh rud beag sibhialtacht a bheith acu ina saol.
Ar scor ar bith, beidh mise ag baint úsáid as "Poll a' Mhadaidh" go deireadh mo shaoil. Thóg muid na páistí síos chuige ag an deireadh seachtaine agus bhain siad an-sult as an lá cois chladaigh sa ghrian. Nuair a bhí muid sa cheantar, bhuail muid isteach chuig teach mo chol ceathar agus rinne muid tamall maith airneáil ann. Cibé rud faoi ainm na háite, tá na daoine a chónaíonn ann lán craic agus croí! Mar a deir an t-amhrán:
"Beir scéala uaim go hÁrainn ionsar Mháire Fheidhlimidh Óig.
Go hard Pholl an Mhadaidh, áit a mbíonn an t-aos óg..."














Dan ag cuartú gliomach fá Pholl an Mhadaidh

8 comments:

  1. Cén fáth an bhfuil an logainm Windermere chomh galánta sin? Agus cén fáth a bhfuil sé ar fud na háite? Tá comharsanacht darb ainm sin anseo i Seattle (agus sea, is comharsnacht ghalánta é) agus is cosúil go bhfuil a leathbhreac, nó cúpla ceann acu, le fáil i ngach tír a labhraítear Béarla inti. (Ní i gCalifornia, áfach. Tá lé acu ansin le hainmneacha Spáinnise, Rancho Cordova agus a leithéid.)

    ReplyDelete
  2. I nGaeilge na hAlban:

    Polmaddie = Poll a' Mhadaidh.
    Barmaddy = Barr a' mhadaidh
    Portavaidue = Port a' mhadaidh
    http://en.wikipedia.org/wiki/Portavadie

    Srl.

    ReplyDelete
  3. De bharr Keats agus Wordsworth a fheiceann Béarlóirí uaisleacht i Windermere.

    ReplyDelete
  4. " "Poll a' Mhadaidh" a deirtear sa chaint, Tá "Poll an Chait" in aice leis agus tá mé den bharúil láidir gur áit í ar ghnách madaidh a bháitheadh."

    Bhí mé den tuairim gur madra uisce a bhí sa madadh a luaitear le logainm atá in aice leis an fharraige.

    ReplyDelete
  5. Tá an tuairim sin cloiste agamsa fosta, gur chóír "Poll an Mhadaidh Uisce" a bheith ann. Níl a fhios agam cé chomh sean is atá an focal "Madadh Uisce", tá "Dobharchú" in úsáid i logainmneacha eile sa cheantar.
    Dar ndóigh, baintear úsáid as an fhocal 'madadh / madaí' go haitiúil fá choinne "fíogach" (Scyliorhinus canicula) nó 'Dogfish'. Seans gur sin a bhí i gceist.

    ReplyDelete
  6. Agus thaithigh an Cat Mara an poll eile gan dabht.
    ;-)

    ReplyDelete
  7. An bhfaca tú an dinnseanchas le haghaidh 'Léim An Mhadaidh' ar focal.ie anseo, a Phroinsias?

    ReplyDelete