Thursday, April 8, 2010

Saor sinn ón Séimhiú...

Chuir Denis mé ag smaoineamh ar an "séimhiú" damánta. Tá muidne iontach tógtha leis an tséimhiú sa taobh seo tíre. Má fhaighimid deis ar bith is maith linn é a chaitheamh isteach, ár gcuid abairtí a mhaisiú leo. Tá eisceacht ann áfach atá ag dó na geirbe orm la tamall beag.
Rinne mé trácht anseo cheana féin ar an leabhar "Ící Pící". Tá na páistí ag baint sult iontach as go fóill agus tá thart fá 7-8 de na hamhráin bheaga ar eolas de ghlanmheabhair acu faoin am seo. Tá amhrán amháin ann, áfach, atá ag cruthú conspóide sa teach: "An Teidí Tinn".
Seo an chéad líne de mar atá sé sa leabhar:

"A Mhamaí tá mo theidí tinn, mo theidí tinn, mo theidí tinn..."

Séimhiú i ndiaidh an fhocail 'mo' mar a bheifeá ag dréim leis... ach... Níl sé ann ar chor ar bith sa chaint. Fiú na páistí atá ag ceol ar an dlúthdhiosca a théann leis an leabhar is "A Mhamaí tá mo teidí tinn..." atá a rá acu.
Cé acu atá ceart? An sampla é seo de chanúnachas? An gcuirtear séimhiú isteach i gcaint na Mumhan nó i gcaint an Iarthair? An é gur focal iasachta atá ann - "teidí", gur Béarla ó thús é agus gurb é sin an fáth nach séimhítear sa chaint é? Más focal iasachta nach séimhítear sa chaint é, ar chóir é a shéimhiú sa scríobh?

Aon tuairimí?

10 comments:

  1. Agus céard faoi 'an seacláid' nó 'an tseacláid'? Focal baininscneach + alt, ar chóir an 't' a chur roimh an 's', shílfeá, ach níl sé mar sin sa chaint, feictear dom, an bhfuil? An é gur focal iasachta é sin, freisin?

    Maidir le 'Más focal iasachta nach séimhítear sa chaint é, ar chóir é a shéimhiú sa scríobh?', níl a fhios agam, a Phroinsias, ach bheinn ar thaobh an fhoghlaimeora - bíodh an riail soiléir, seachas ina eisceacht, mar a déarfá!

    ReplyDelete
  2. Thug mé faoi deara go mbíonn drogall ar a lán Gaeilgeoirí, mé féin san áireamh, focail iasachta dar tús ‘t’ agus ‘d’ a shéimhiú. Is fuath liom “a Dhenis”, agus níl “a Thom” mórán níos fearr. Má fhuaimnítear “teddy” de réir rialacha an Bhéarla (le ‘t‘ agus ‘d’ alveolar agus gan caolú) sílim go mbeadh claonadh láidir ann gan é a shéimhiú.

    ReplyDelete
  3. Tá mé díreach tar éis an focal Tayto a léamh ar bhlag Áine. An déarfá “mo Taytos” nó “mo Thaytos”?

    ReplyDelete
  4. Muna ndeirtear é, char chóir é a scríobh. Ar ndóighe cha gcuirtear séimhiú ar T ansin siocair gur focal Béarla é. Sílim go bhfuaimníthear t Béarla ann fosta, chan t caol Gaeilge.
    Tá sompla eile don chineál chéarna agam, a chualaidh mé in amhrán sean-nóis as Conamara, sin amhrán Mhaínse. Cluintear
    "'S mé a bheith 'comhrá le mo Teaimín Bán"

    Agus ó tharla gur seanamhrán sean-nóis é, cha dtig leat a réidht gur meancóg atá ann...

    ReplyDelete
  5. Go tobann airím an-sean. Tá sé amhail is gur imigh mé ar thuras is gur tháinig mé ar ais i m'Oisín i ndiaidh na Féinne. Is cuimhin liom go maith na blianta fada ó shin na sean-ollúna - an cuimhin le haon duine agaibh Tomás de Bhaldraithe? - ag caint ar t an Bhéarla. Is iomaí rud atá imithe ach tá t an Bhéarla fós linn. Mo top hat a bhí ann an uair sin, más buan mo chuimhne. Mo Taytos tá ann anois. An ceart é a shéimhiú? Ní dóigh liom é.

    ReplyDelete
  6. Is féidir teacht thart ar an "gcruachás" sin ach an abairt a "athchóiriú" sa chaoi go dtiocfadh sí le dul na Gaelainne. Sin é an stráitéis a úsáidtear i dteangacha eile.

    Mar shampla, úsáideann na déagóirí sa Ghearmáin an t-uafás de fhocail Bhéarla ach ní déarfaidís riamh "meines Faces" agus brí an tuisil ghinidigh á cur in iúl acu. D'úsáididís ina ionad sin "von meinem Face".

    D'fhéadfaí "na Taytos agam" nó "an teidí agam" a rá sa tslí chéanna.

    (Dála an scéil, is annamh a úsáideann na déagóirí an tsean-fhoirm den tuiseal ginideach feasta. An é gur próiseas éabhlóide é an "dí-ghramadú"?)

    ReplyDelete
  7. Tá séimhiú taisme staire. Go bhfuil teddy, agus focla cosúla, curtha isteach sa teanga, ní choinneoidh siad na rialacha.

    ReplyDelete