Thursday, April 15, 2010

Tá mé béim amach!

Seo an cleas úr. Google Translate in úsáid sna scoileanna, agus is mór an tubaiste iad na torthaí!
Fuair mé aiste staire ó dhalta inné. Scoláire measartha lag atá ann agus ba léir láithreach ón leabharliosta ar chúl na haiste agus na fonótaí tagartha ag bun na leathanach, gur íoslódáil sé an t-ábhar ó áit inteacht ar an idirlíon. Chun rudaí a dhéanamh níos measa, áfach, chuir an leaid óg an t-iomlán isteach in Google Translate chun an leagan Gaeilge a sholáthar domhsa! Is ar éigean go raibh mé ábalta ciall ar bith a dhéanamh de.
Ní raibh sé ró-olc ag an tús:

"Eamon de Valera a bhí ar cheann de na daoine is tábhachtaí i stair na hÉireann."

Tús measartha maith, dar liom. Breá sothuigthe, cúpla deacracht comhréire, ach ní scrúdú Gaeilge é seo is scrúdú staire é! Lean mé orm ag léamh.

"Bhí sé ina uachtarán is faide atá ag freastal ar na Gaeilge."

Anois, bhí mé i bponc. Bhí deacrachtaí móra agam ciall a bhaint as an abairt sin, ach sa deireadh i ndiaidh rud beag taobhsmaointeoireachta, thuig mé gur "He was the longest serving Irish President" a bhí i gceist. Uchtach i mo chroí, thug mé iarraidh ar an chéad abairt eile.

"Bhí caidreamh leis na daoine a bhí strus Gaeilge go minic..."

B'éigean domh stad. Mo 'strus Gaeilge' ag cur as go mór domh. Go fóill, níl mé ábalta ciall dá laghad a bhaint as an abairt.
Nach aoibheann beatha an scoláire a bhfuil teacht aige ar an teicneolaíocht nua-aimseartha seo, nach trua na múinteoirí a chaithfeas am a chaitheamh ag iarraidh ciall a bhaint as... agus ba mhaith leo mo pháigh a ísliú arís!!!

Seo cúpla nath eile ón aiste. Aon duine ag iarraidh triail a bhaint as ciall a aimsiú?

"By 1910 i leith na Gaeilge neamhspleáchas fhástar go raibh an streachailt"

"Ina áit sin chaith sé é féin, chun an Conradh na Gaeilge. Chuaigh sé isteach in Óglaigh na Gaeilge."

4 comments:

  1. Sin uafásach. Ach ní féidir liomsa a bheith ag caint, ní raibh mé féin mórán níos fearr agus mé i scoil!

    ReplyDelete
  2. Iontach greannmhar. Ach is bocht an scéil é munar thig an leaid go mbeadh sé soiléir cad a rinne sé. Gá le oideachas conas an idirlíon a úsáid is eagal liom.

    ReplyDelete
  3. Tá súil agam go bhfuair sé "ubh" mar thoradh air sin.

    ReplyDelete
  4. Bhain sé sin gáire asam, a Phroinsias, ach, ag an am céanna, is mór an trua go bhfuil a leithéid ag tarlú.

    Mar sin féin, agus is rud é seo a thug mé faoi deara le déanaí, níl a fhios ag go leor scolairí fiú céard is 'aidiacht' ann - i mBéarla ná i nGaeilge - mar sin, tá rud éigin cearr sa chóras, agus nílim cinnte céard é féin!

    Maidir le bhur bpáigh, caithfidh siad breathnú i ndiaidh na mbaincéirí agus na bhforbróirí bochta, an dtuigeann tú: billiúin + billiúin + billiúin... = cén méid?

    ReplyDelete