Thursday, July 9, 2009

Ag scaoileadh le dánta

Tá suim agam san fhilíocht. Léim í go halpach agus bainim triail as í a scríobh. Daoibhse, a thagann ag airnéal chugam corr-oíche, tá cuid de mo dhánta feicithe agaibh. Bhí cuid agaibh maith go leor le bhur gcuid tuairimí a roinnt liom.
Foilsíodh cnuasach filíochta de mo chuid 5 nó 6 bliana ó shin. Dúirt an foilsitheoir liom ag an am nárbh liomsa na dánta níos mó, go raibh orm scaoileadh leo. Chuir sin eagla orm ag an am. Cuireann sé eagla orm go fóill. Amharcaim siar ar dhánta a scríobh mé 10 mbliana ó shin agus deirim liom féin: Ó, caidé a bhí ar siúl agam? Ba mhaith liom iad a tharraint ar ais, éadaí níos fearr a chur orthu. Ba dhuine eile mé ag an am, níos saonta, níos anabaí. Cuireann cuid de na véarsaí sin náire orm anois. Is dócha gur rud é a bhaineann le haois agus taithí, le bogadh ar aghaidh i do shaol.
Rith sé liom go bhfuil scríobh dánta cosúil le tógáil páistí. Muirníonn tú iad, cosnaíonn tú iad i do chroí ar feadh tamaill fhada, múnlaíonn tú iad, treoraíonn tú iad i dtreo na foirfeachta (cé nach mbíonn fhios agat leath an ama cad is foirfeacht ann), clúdaíonn tú iad le héadaí deasa teolaí, bheireann tú ceol dóibh, cuireann tú rithim agus rialtacht ina saol, déanann tú iarracht cuid éigin de d'eagna, de d'fhealsúnacht, de do shaol agus taithí féin a bhronnadh orthu, tugann tú teanga dóibh... agus ansin caithfidh tú iad a fhágáil. 
Caithfidh tú ligint dóibh dul amach sa tsaol mhór, áit a mbeidh siad foscailte don cháineadh, áit a mbeidh siad ar shiúl ó do chosaint. Bíonn súil agat go bhfaighidh siad rud beag den mholadh, go mbeidh siad ábalta seasamh ar a gcosa féin, go sílfeadh an corrdhuine thall is abhus go bhfuil fiúntas agus luach éigin ag baint leo. Is cuid díot féin i gcónaí iad, tuigeann tú chomh tábhachtach is atá siad duit féin agus ba mhaith leat go n-aithneodh an saol sin. 
Cuireann tú fáilte roimh an chritic (ní an léirmheastóir - ní chreidim gur féidir le haon duine beo LÉIR-mheas a thabhairt ar dhuine nó ar dhán) a thaispéanann go cineálta a gcuid buanna ach fós a thugann leid faoin dóigh go dtiocfadh leo a bheith níos fearr fós. Tig siad ar ais chugat corruair, i ndiaidh dóibh a bheith scaoilte saor sa domhan. Uaireanta thig leat cuidiú leo, éadaí agus cruth níos fearr a chur orthu, uaireanta eile, ní thig.
Is páistí iad mo chuid dánta, agus is iad na dánta is fearr dar chum mé riamh iad Margaret, Dan agus Cara.

3 comments:

  1. Is cuma an dán nó Dan uait, a chara, chreidim go mbeidh luach ar leith le do shaothar i gcónaí. Ní thabharfainn aird ar bith ar an gcritic, óir is tú féin, mar scríbhneoir agus mar thuismitheoir, a dhéanann do dhíchill de réir do chumas. Agus is duine cumasach tú, is léir domsa…:-)

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat, a Áine. Creidim go bhfuil luach leis an chritic, áfach. Spreagann sé muid chun a bheith níos fearr - nuair a dhéantar go tuisceanach é!

    ReplyDelete
  3. Maraon le tógáil páistí, is é an próiseas an rud is tábhachtaí, sílim, seachas an táirge amháin (cé go bhfuil tábhacht ann, cinnte!).

    ReplyDelete