Wednesday, July 22, 2009

Peadar Ó Dónaill ar Inis Caorach

Agus mé i mo shuí anseo tá radharc agam ar Inis Caorach. Tá sé ina luí míle ar shiúl ó chósta thoir-theas Árainn Mhór. Ba ón oileán beag sin a tháinig máthair m'athara móir. Níl aon duine ina gcónaí ann anois. Tréigeadh é an deireadh na gcaogaidí.
Tá foirgneamh mór amháin le feiceáil ina sheasamh ar an taobh thiar den oileán, teach na scoile. Tá na tithe inar mhair na daoine ar an taobh thoir, cuid acu scuabtha ar shiúl ag an fharraige - ar an drochuair. B'éigean na tithe a thógáil gar don chósta, óir ba bheag talamh curaíochta a bhí ar an oileán.
Chaith Peadar Ó Dónaill roinnt blianta ag teagasc sa scoil sin, sular bhris lucht na Breataine é aimsir Chogadh na Saoirse. Bhí sé féin agus m'athair mór iontach mór lena chéile tráth dá raibh. Nach iontach chomh hídéalach is a bhí an dream sin. Fuair Peadar é féin ina mháistir scoile in áit lom diolpa, buailte ag an fharraige agus ag an anró. Shíl sé saol na ndaoine ann a dhéanamh níos fearr. Dar ndóigh tá an leabhar 'Islanders/Muintir an Oileáin' a scríobh sé, suite ar Inis Caorach - cé nach luaitear an t-ainm sin sa leabhar.
Is annamh a fhaigheann tú daoine mar sin anois. Daoine atá sásta cuid mhaith de shaol agus fuinneamh s'acu a thabhairt suas ar mhaithe le daoine eile. Daoine atá sásta seasamh in éadan impireachtaí agus lucht na gceartchreideamh, daoine atá sásta dul sa bhearna bhaoil agus a saol a chur i gcontúirt ar mhaithe leis an tseanbhean bhocht nó an díleachta nó an fear ar an dól.
Táthar ann a thógfas raic ag cruinnuithe de chuid an G8 nó an G20, ach mothaím i gcónaí go bhfuil rud inteacht bréagach faoi na léirsithe sin. Go bhfuil barraíocht den rómansachas ag baint leis - daoine óga agus antoiscigh ina réabhlóidithe ar mhaithe le bheith ina réabhlóidithe! Is annamh a fheiceann tú an duine a oibríonn ag leibhéal áitiúil, sásta a bheatha a chaitheamh ar son a chuid comharsana féin agus, leabhra, a macasamhail ar fud na tíre.
Tá muid chun na scoláirí Gaeilge a thabhairt amach go hInis Caorach ag an deireadh seachtaine. Beidh scéal nó dhó le hinsint agam dóibh faoin duine ba mhó clú a chaith seal san áit. 

4 comments:

  1. Agus an tír ina phraiseach beidh gá le macsamhail Peadar Ó Dónaill amach anseo.

    ReplyDelete
  2. Tá daoine maithe ann fós, a Phroinsias, ach ní chloistear iad.

    Beidh réabhlóidí ann, mar a bhí riamh, ach is minic gur deacair a gcúis a thuiscint.

    ReplyDelete
  3. Is annamh a fhaigheann tú daoine mar sin ach tá cuid acu fágtha. Féach ar Adi Roche mar shampla. Bíonn sí ag obair go dícheallach beagnach gach aon lá ar son na páistí bocht breoite sa Belarus. Níl fhios agam cá bhfaigheann sí a cuid fuinneamh.

    ReplyDelete