Showing posts with label bronntanas. Show all posts
Showing posts with label bronntanas. Show all posts

Tuesday, December 28, 2010

Bronntanas!

Bhí Nollaig an-shona againn anseo sa bhaile in Árainn. Tháinig Santaí agus bhí sé maith do na páistí. Lasadh na coinnle Oíche Nollag, chuir Margaret Bábaí Íosa sa mháinséar, ceoladh carúil, tugadh cuairt ar ghaolta is comharsana, éisteadh aifreann, itheadh agus óladh ár sáith is níor thit aon duine amach lena chéile thar thréimhse na saoire.
Níor chuir an drochaimsir isteach orainn ach an oiread, cé go raibh muid gan uisce reatha ó bhí Dé Máirt seo chuaigh thart ann. Buíochas do Dhia tháinig coscairt inné agus fuair muid uisce fríd na píobaí oíche aréir. Caidé mar a dhéanann na mná é? Chuir mo bhean mhaith, Suzanne, dinnéar ar an tabla do 18 lá Nollag gan uisce ar bith sa teach. Bhí muid marbh amach ag cuartú tobar agus foinsí eile uisce sna laethanta roimh an Nollaig mhór. Bhí go leor leor tithe ar an oileán gan uisce reatha le seachtain anuas.
"Caithfear pilleadh ar na foinsí" (na tobair) a deir an Searcach. Chuir sé mé ag smaoineamh. Is trua chomh fada is atá muid imithe ó na tobair agus na foinsí úd. Cé go bhfuair Santaí neart margaí i mbliana agus luach a chuid airgid faighte go han-mhaith aige, fós féin measaim gur chaith sé barraíocht ar pháistí s'againne. Ní hé nach bhfuil is fearr ar domhan tuilte acu, ach tugaim faoi deara gur mó an sásamh a bhaineann siad as na rudaí simplí ná mar a bhaineann siad as na rudaí daora. Chaith siad an mhaidin uilig ag súgradh le rudaí a cheannaigh Santaí ar chúpla Euro beag agus ba bheag an tsuim a bhí acu sa teilifís (an bronntanas mór) a cheannaigh fear na feasóige ar €120.
Cé gur chaith mo bhean mhaith airgead orm féin - in aineoinn mo dhian-mholadh gan níos mó ná €10 a chaitheamh ar bhronntanas domh - caithfidh mé a rá nárbh í a thug an bronntanas is fearr a fuair mise i mbliana.
Bhí m'uncail - deartháir mo mháthar - linn do bhéile na Nollag. Fuair a bhean chéile bás dhá bhliain ó shin agus níl páistí ar bith aige. Bhí mé ag iarraidh go mbeadh sé linn anuraidh ach thug col ceathair de mo chuid cuireadh dó sula bhfuair mé faill. Mise is luaithe a thug cuireadh dó i mbliana agus is chugamsa a tháinig sé.
Thug sé beart beag litreacha domh nuair a chuaigh mé chuig teach s'aige i Screig an tSeabhaic lena bhailiú don dinnéar. Sin a bhí aige mar bhronntanas domh. Litreacha a scríobh mo mháthair chuig a tuismitheoirí na blianta fada ó shin. Tá mo mháthair marbh le 30 bliain. Ní raibh mise ach 6 bliana d'aois nuair a d'éag sí. Tá cuimhní agam uirthi ach tá siad fánach. Níor léigh mé na litreacha go dtí go raibh mé liom féin i ndiaidh do achan duine imeacht chun an bhaile i ndiaidh dinnéar agus céiliúradh na Nollag (4 a chlog ar maidin). Ní miste liom a rá gur chaoin mé mo sháith i marbhthráth na hoíche úd.
Bhí litir ann a scríobh mo mháthair abhaile lá i ndiaidh mo bhreithe. Í ag insint dá máthair fán saothar a bhí aici mé a thabhairt ar an tsaol, í ag déanamh cur síos gráúil orm, ag insint dá tuismitheoirí faoin bhród a mhothaigh m'athair go raibh mac faighte aige, etc etc. Litreacha eile insíonn siad scéal mo chuid diabhlaíocht linbh, mé ag toiseacht ag caint, mé á cur ó chodladh.
Luigh na litreacha sin i scioból sa tseanbhaile leis na blianta go dtí gur tháinig m'uncail orthu trí thimpiste cúpla seachtain ó shin. Ní bhfaighidh mé bronntanas a choíche arís go deo - dá méid saibhris a bheas againn sna blianta amach romhainn - ná an bronntanas a fuair mé uaidh i mbliana!

Nollaig shona agus bliain úr mhaith d'achan duine a léifeas seo!

Friday, July 10, 2009

Bronntanas Breithlá

Breithlá eile! Sé bliana is tríocha caite agam ar an tsaol bheag seo. Aisteach chomh ciúin is atá an teach. Chuaigh Suzanne agus na páistí isteach chun an bhaile inné, bhí ormsa fanacht amuigh chun an carr a thabhairt chuig an gharáiste ar maidin agus níl aon duine sa teach ach mé féin.
Is deas cúpla uair shuaimhneach a bheith ag duine. Tá sé de nós agamsa mo mhachnamh a dhéanamh ar an bhliain atá imithe thart ar lá mar seo. Ní haon rud trom a bhíonn ar siúl agam, go díreach cúpla bomaite a chaitheamh ag cuimhniú ar dhaoine agus ar imeachtaí, ag meabhrú ar bhotúin atá déanta, ar na buaicphointí, ar na daoine atá imithe. Tá sé tábhachtach súil a chaitheamh siar, níos tábhachtaí fós a bheith ag amharc chun tosaigh. Tugann lá mar seo an seans é sin a dhéanamh.
Tá cuimhne agam 6 bliana ó shin ar lá mar seo, bhí mé ag machnamh domh féin agus bhuail sé mé go tobann fríd an bhéal go raibh mé níos sine ná mar a bhí mo mháthair féin nuair a fuair sí bás. Is aisteach go deo an rud é a bheith níos sine ná do mháthair!
Fuair Mámaí bás ag aois 30. Bhí trí pháiste aici agus ceann eile ar an bhealach. Bhí an méid sin déanta aici in achar an-ghairid. Is cuimhin liom a bheith ag amharc ar mo shaol féin ag an am. Cad a bhí déanta agam? Cad fiúntach a bhí déanta agam? Bhí sé mar chic sa tóin domh chun dóigh agus slacht a chur ar mo shaol féin. Chuir sé fuinneamh úr ionam. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhí mé pósta. Ceithre bliana níos faide anonn tá triúr páiste agam féin.
Is minic ár saolta gan stiúr, gan treo. Muid ag maireachtáil ó lá go lá gan súil againn ar na rudaí atá fíorthábhachtach sa tsaol. Is fiú an t-am a ghlacadh chun breathnú siar. Muna bhfuil eolas agus tuigbheáil againn ar an áit as ar tháinig muid, cén dóigh go mbeidh a fhios againn cá bhfuil muid ag dul?
Beidh mé ag dul isteach 'na bhaile tráthnóna agus caithfidh mé an chuid eile den tsamhradh istigh ann. Labhair mé le Margaret ar an ghuthán aréir: "Beidh tusa i dteach Nana amárach, Daidí, agus beidh muid 'dhul go dtí an céilí!" a dúirt sí liom. Níl ann ach inniu agus amárach do Mhargaret bheag agus sin mar ba chóir dó a bheith. Rachaidh muid chuig an chéilí mhór anocht agus beidh damhsa beag againn. Sin an bronntanas breithlá is fearr a gheobhaidh mé inniu!