Showing posts with label litreacha. Show all posts
Showing posts with label litreacha. Show all posts

Tuesday, December 28, 2010

Bronntanas!

Bhí Nollaig an-shona againn anseo sa bhaile in Árainn. Tháinig Santaí agus bhí sé maith do na páistí. Lasadh na coinnle Oíche Nollag, chuir Margaret Bábaí Íosa sa mháinséar, ceoladh carúil, tugadh cuairt ar ghaolta is comharsana, éisteadh aifreann, itheadh agus óladh ár sáith is níor thit aon duine amach lena chéile thar thréimhse na saoire.
Níor chuir an drochaimsir isteach orainn ach an oiread, cé go raibh muid gan uisce reatha ó bhí Dé Máirt seo chuaigh thart ann. Buíochas do Dhia tháinig coscairt inné agus fuair muid uisce fríd na píobaí oíche aréir. Caidé mar a dhéanann na mná é? Chuir mo bhean mhaith, Suzanne, dinnéar ar an tabla do 18 lá Nollag gan uisce ar bith sa teach. Bhí muid marbh amach ag cuartú tobar agus foinsí eile uisce sna laethanta roimh an Nollaig mhór. Bhí go leor leor tithe ar an oileán gan uisce reatha le seachtain anuas.
"Caithfear pilleadh ar na foinsí" (na tobair) a deir an Searcach. Chuir sé mé ag smaoineamh. Is trua chomh fada is atá muid imithe ó na tobair agus na foinsí úd. Cé go bhfuair Santaí neart margaí i mbliana agus luach a chuid airgid faighte go han-mhaith aige, fós féin measaim gur chaith sé barraíocht ar pháistí s'againne. Ní hé nach bhfuil is fearr ar domhan tuilte acu, ach tugaim faoi deara gur mó an sásamh a bhaineann siad as na rudaí simplí ná mar a bhaineann siad as na rudaí daora. Chaith siad an mhaidin uilig ag súgradh le rudaí a cheannaigh Santaí ar chúpla Euro beag agus ba bheag an tsuim a bhí acu sa teilifís (an bronntanas mór) a cheannaigh fear na feasóige ar €120.
Cé gur chaith mo bhean mhaith airgead orm féin - in aineoinn mo dhian-mholadh gan níos mó ná €10 a chaitheamh ar bhronntanas domh - caithfidh mé a rá nárbh í a thug an bronntanas is fearr a fuair mise i mbliana.
Bhí m'uncail - deartháir mo mháthar - linn do bhéile na Nollag. Fuair a bhean chéile bás dhá bhliain ó shin agus níl páistí ar bith aige. Bhí mé ag iarraidh go mbeadh sé linn anuraidh ach thug col ceathair de mo chuid cuireadh dó sula bhfuair mé faill. Mise is luaithe a thug cuireadh dó i mbliana agus is chugamsa a tháinig sé.
Thug sé beart beag litreacha domh nuair a chuaigh mé chuig teach s'aige i Screig an tSeabhaic lena bhailiú don dinnéar. Sin a bhí aige mar bhronntanas domh. Litreacha a scríobh mo mháthair chuig a tuismitheoirí na blianta fada ó shin. Tá mo mháthair marbh le 30 bliain. Ní raibh mise ach 6 bliana d'aois nuair a d'éag sí. Tá cuimhní agam uirthi ach tá siad fánach. Níor léigh mé na litreacha go dtí go raibh mé liom féin i ndiaidh do achan duine imeacht chun an bhaile i ndiaidh dinnéar agus céiliúradh na Nollag (4 a chlog ar maidin). Ní miste liom a rá gur chaoin mé mo sháith i marbhthráth na hoíche úd.
Bhí litir ann a scríobh mo mháthair abhaile lá i ndiaidh mo bhreithe. Í ag insint dá máthair fán saothar a bhí aici mé a thabhairt ar an tsaol, í ag déanamh cur síos gráúil orm, ag insint dá tuismitheoirí faoin bhród a mhothaigh m'athair go raibh mac faighte aige, etc etc. Litreacha eile insíonn siad scéal mo chuid diabhlaíocht linbh, mé ag toiseacht ag caint, mé á cur ó chodladh.
Luigh na litreacha sin i scioból sa tseanbhaile leis na blianta go dtí gur tháinig m'uncail orthu trí thimpiste cúpla seachtain ó shin. Ní bhfaighidh mé bronntanas a choíche arís go deo - dá méid saibhris a bheas againn sna blianta amach romhainn - ná an bronntanas a fuair mé uaidh i mbliana!

Nollaig shona agus bliain úr mhaith d'achan duine a léifeas seo!

Tuesday, March 23, 2010

Foghraíocht mar mhodh múínte litreacha!

Ní théid lá thart nach gcuirim spéis sna próisis foghlama a bhíonn ag tarlú i dtigh s'againne.
Múinteoir meánscoile atá ionamsa agus tá cur amach measartha maith agam ar na modhanna múinteoireachta is gá a chur i bhfeidhm do dhéagóirí, ach admhaím gan náire nach raibh cur amach ar bith agam ar na dóigheanna éagsúla ina bhfoghlaimíonn naíonáin. Mar a deir an fear udaí, thiocfadh liom cuidiú le scoláire aiste fhiúntach a scríobh ar Aistarraingt na Breataine ón India nó scrúdú anailíseach a dhéanamh ar óráid de chuid Parnell, ach ar ór na cruinne ní thiocfadh liom a thaispeáint don scoláire céanna cén dóigh le léamh nó scríobh. Ní bhfuair mé traenáil ar bith ann.
Go hádhúil, tá col ceathar agam atá ina príomhoide bunscoile i Londain agus tá cur amach an-mhaith aici ar mhodheolaíochtaí teagaisc do pháistí óga. Mhol sí domh triail a bhaint as an fhoghraíocht mar bhealach chun litreacha a theagasc. Fuaimeanna na litreacha a theagasc don pháiste in áit fhoghraíocht traidisiúnta na haibítre:
Mar shampla, in áit "Ay, Bee, See, Dee etc" a theagasc, "Ah, Bih, Cih, Duh etc" a úsáid.

Bhain mé triail as cúpla seachtain ó shin, agus caithfidh mé a rá go n-oibríonn sé. Le seachtain anuas tá Margaret bheag ag dul thart de ló is d'oíche ag cur túslitreacha ar gach aon fhocal go dtig léi smaoineamh air. Deireann sí an focal, aimsíonn sí an fhuaim ag tús an fhocail agus tá sí ábalta an litir tosaigh a ainmniú.

"Pictiúr... Pih... P... P fá choinne pictiúr!" (Bualadh bos ó Dhaidí nó Mamaí)
"Doras... Duh... D... D fá choinne doras!" (Maith thú Maggie!)

Tá ag éirí go hiontach maith léi, cé go bhfuil roinnt deacrachtaí aici le 'C', 'Ch', 'Ca' - uaireanta déanann sí K nó T de na fuaimeanna sin.

Tugaim fá dear fosta go dtrasnaíonn an córas seo teangacha. Bhí deacracht nó dhó againn leis na pictiúrleabhair le tamall anuas. Tá pictiúrleabhair Bhéarla agus Gaeilge aici. Sa leabhar Gaeilge, tá A ag freagairt do Asal, B do Bhád etc. Ar ndóigh sa leabhar Béarla, A for Apple, B for Butterfly is a léithéid a fhaightear. D'fhág sin an ghirseach bhocht ag teacht amach le rudaí ar nós: "A fá choinne Úll, B fá choinne Féileacán etc etc." Rud nach raibh ró-shásúil. Bhí an dá theanga ag teacht trasna ar an cheangal idir an litir scríofa agus an pictiúr. Leis an chóras seo is féidir léi an túslitir cheart a aimsiú d'fhocail Ghaeilge agus d'fhocail Bhéarla!

Ar scor ar bith, tá sé ag obair go maith dúinne agus molaim é do thuismitheoirí eile atá i mbun litreacha a theagasc dá gcuid páistí!