Tá cúpla dán a scríobh mé do na páistí, curtha in airde agam anseo le seachtainí anuas, ach ní raibh aon cheann ann don iníon is óige agam, Cara. Níor mhaith liom í a fhágáil amach. Seo chugat é, a chroí:
Babaí Úr
Níl aon chur síos ort, a rún!
Mar ghealach don deoraí thú
ag lonrú os mo chomhair,
bhéarfá amharc don dall
croí don chloch
a mhuirnín óig an ghnaoi.
Buaileann cuisle ceoil ionat
tá aingle ag rince fá do chosa
le hachan anáil uait
tig dóchas mór agus grá,
is tú an deilf ag léimnigh
tráthnóna lán mara.
A ríon na gileachta
bheireann do chuideachta
beatha agus brí dúinn
gan tú ach seachtainí d’aois
soilsíonn do chuid suáilcí
mar lóchrann romhainn.
Samhlaím anois thú
i lár pháirc mhór an tsaoil
gaoth an Earraigh ag séideadh
trí dhuail do ghruaige míne
ag bailiú bláthanna
Go hálainn ar fad, an dán agus í féin.
ReplyDeleteGo breá, a chara. Is soilse sa dorchadas iad na leanaí, gan aon agó.
ReplyDeleteGo raibh maith agaibh. Thosaigh sí ag suí suas léi féin an tseachtain seo chuaigh thart. Beidh bacán agus adhastar de dhíth orainn roimh i bhfad!
ReplyDeleteÁdh mór leis 'An Gael', a Shéamais!