Tuesday, May 12, 2009

Tuilleadh Rann

Chuir mé cúpla rann in airde anseo tamall ó shin. Seo cuid eile a thiocfadh le tuismitheoir a úsáid le páiste. Cuid díofa is aistriúcháin iad, cé nach bhfuil fhios agam beo nó marbh cé d'aistrigh iad, cuid eile, déarfainn go bhfuil siad níos dúchasaí.

Cá raibh tú ó mhaidin,
a mhadadh bheag dhonn?
Thíos ar an fharraige
ar bharr na dtonn.
Raibh bád ar an fharraige
a mhadadh bheag dhonn?
Bhí bad ar an fharraige
agus seol ar a chrann!

(Tá fhios agam go bhfuil fadhbanna leis an ghairmeach ansin, ach sin mar a d'fhoghlaim mise é!)

Thart is thart an gairdín
cosúil le Teddy Bear
Aon chéim
Dhá chéim
agus cigilt istigh anseo!

Bualadh bos, bualadh bos
Daidí teacht 'na bhaile
milseáin ina phóca
fá choinne bábaí beag féin.

Dónal na Gealaí, cá raibh tú anocht?
Thug mé cuairt ar an tseanbhean bhocht.
Dónal na Gealaí, cá raibh tú aréir?
I mo chodladh go suanach thuas sa spéir!

2 comments:

  1. Leagan eile agamsa:
    Timpeall timpeall an ghairdin
    ag lorg feoirling
    Céim a haon, céim a dó
    agus ... (tickle lickle lick is gnách liom a rá, ach is fearr liom d'eireballsa air)

    ReplyDelete
  2. Creidim go bhfuil oiread leaganacha de na rannta seo is atá daoine á n-úsáid. Cad a deireadh siad - dhá insint ar scéal, dhá insint déag ar amhrán... is dócha go bhfuil na rannta cosúil leis na hamhráin.

    ReplyDelete