Tuesday, May 26, 2009

Oíche na nDuaiseanna

Bhí mé ag oíche bhronnta duaiseanna na scoile anocht. Ócáid phleisiúrtha atá ann, seans chun amharc siar ar obair na bliana, comhghairdeas a dhéanamh le daoine a d'oibrigh go crua agus aitheantas a thabhairt do dhaoine a bhfuil sé tuilte go maith acu.
Bíonn taispeántas beag ag an deireadh i gcónaí. Taipeántas powerpoint le ceol bunaithe ar an séú bliain. Faighimid pictiúirí díofa agus iad ina bpáistí beaga, ar an bhunscoil agus iad ag dul fríd an mheánscoil. Bíonn sé an-ghreannmhar de ghnách agus baineann achan duine sult mór as.
Bhí mé ansin anocht ag amharc ar na pictiúirí agus ag smaoineamh ar na tuismitheoirí a bhí i láthair san amharclann. Caithfidh sé go bhfuil sé iontach tochtmhar orthu a bheith ag smaoineamh siar ar na hamanna sin nuair a bhí a gcuid páistí chomh beag, bídeach soineanta sin agus ag amharc orthu anois ina ndaoine fásta réidh le tabhairt faoin Ardteist fá cheann seachtaine agus an saol mór fá cheann cúpla mí eile.
Bímid chomh gnóitheach corruair le hobair, le timireacht, le béilí agus le glanadh nach nglacann muid an cúpla bomaite sin i rith an lae go díreach chun sult a bhaint as ár bpáistí. Tá fhios agam gur sin mar a bhíonn sé i dtigh s'againne.
Tá laethanta saoire an tsamhraidh ag teacht - nach méanar dúinn mar mhúinteoirí - agus tá mé chun margadh a dhéanamh liom féin, dhá uair ar a laghad gach lá i rith an tsamhraidh a chaitheamh ag súgradh leis na páistí, mo chuid oibre féin a fhágáil ar leataobh agus an t-am a chaitheamh ina gcuideachta.
Is gairid go mbeidh mé ag seoladh a gcuid pictiúirí féin chun na scoile le go ndéanfaí taispeántas díobh, níl mé ag iarraidh danaid a bheith orm nuair a thiocfas an lá!

2 comments:

  1. Agus is gearr uait an lá, cé nach gceapfeá anois é, a Phroinsias. Téann na blianta isteach iontach sciobtha, i ngan fhios dúinn beagnach. Tá an ceart agat. Bain sult as do pháistí. Rinne mise amhlaidh le mo thriúr féin agus tá an grá eadrainn iontach láidir, agus buan, dá bharr sin. Bain sult as do shaoire leo, agus as do shaol leo, a chara.

    ReplyDelete
  2. Aontaoim le MiseÁine.Bionn siad fásta agus imithe agus ansin ní féidir leat aon rud a dheanamh faoi.

    ReplyDelete