Níor ghlac mé riamh leis an argóint sin. Tá fhios agam go mbeadh srian de chinéal inteacht orainn ach ní fheicim cén dóigh go dtiocfadh leis a bheith níos measa ná an saol atá againn faoi láthair. Ní théann muid amach ach go hannamh, is fada ó bhí muid ag an phictiúrlann nó an amharclann, ní cuimhin liom an deireadh seachtaine deireanach a chaith mé ar na cláraí.
Ach ar an laghad, bíonn an rogha agat na rudaí sin a dhéanamh agus tú i do chónaí ar tír mór. Bíonn is dócha, ach go praiticiúil, ní bhíonn. Tá triúr páiste againn faoi aois a trí! Fiú dá bhfaighimid duine le haire a thabhairt dóibh ar feadh cúpla uair san oíche, tá an mhaidin ann - Ó, an mhaidin sin, tig sé ró-ghasta i dtólamh, agus ní maith an rud é a bheith i do shuí ag a seacht a chlog chun aghaidh a thabhairt ar shaol na gclúidíní agus cloigeann tiubh ort! Ní fiú é!
Tá ár dteach cóir a bheith tógtha againn. Táthar ag plástráil an taobh istigh anois, agus tá súil acu an obair a bheith réidh acu fá dheireadh an tsamhraidh. Nach muidne atá ag súil leis an lá mór. Spás dár gcuid féin in áit a bheith i gcónaí ag fanacht le tuismitheoirí. Tá an teach a thógáil ar shlios cnoic agus tá acraí fairsinge ann do na páistí le bheith ag reathaidh fríd an fhraoch.
Éireoidh tú aisteach, a deir siad liom, cineál de Cabin Fever a thiocfas ort. Beidh tú ag troid le hachan duine roimh i bhfad. Seans go bhfuil an ceart acu, agus má bhím níl neart air.
Tchítear domhsa go mbeidh i bhfad níos mó buntaistí le bheith i mo chónaí sa bhaile, go háirithe ó cuireadh tús le seirbhís farrantóireachta luath ar maidin. Thiocfadh liom leanstan ar aghaidh ag obair i Leitir Ceanainn agus na hoícheanta a chaitheamh sa bhaile. Beidh na páistí i measc a gcuid daoine muinteartha, neart col ceathracha, aintíní, uncailí etc thart agus daoine a labhróidh Gaeilge leo. Níl Arainn Mhór ar an Ghaeltacht is láidre sa tír agus tá ionsaithe á dheanamh ar an Ghaeilge ó thaobh na dtaobhann ann ach labhrann achan duine Gaeilge le páistí. Is rud aisteach é le feiceáil. Daoine fásta a labharfadh Béarla lena chéile ach Gaeilge amháin le páistí a chéile.
Ar scor ar bith, b'fhéidir nach mbeidh an t-Oileánach seo chomh 'tréigthe' sna blianta amach romhainn, a fhad is atá mé ábalta na rudaí oileánacha sin a choinneáil ar shiúl...
... nach iontach mar atá an focal céanna ar 'islander' agus 'insular' sa Ghaeilge. Is cosúil nach bhfuil sé sa chinniúint dúinn saol neamhachrannach a bheith againn!
Má bhuaileann an diabhal Cabin Fever tú, beidh do chriú leat. Sin a bheas uait, a chara.
ReplyDeleteAn mbeidh fáil agat ar leathanbhanda?
Sin fadhb amháin a bheas againn. Ar an drochuair, níl leathanbhanda ar fáil ar an oileán go fóill.
ReplyDeleteAn mbeifeá sásta cúpla grianghraf den teach atá á thógáil a thaispeáint dúinn? Ceist eile: cé chomh fada a thógann an turas ó dhoras go doras, .i. ón teach ar an oileán go dtí an teach scoile?
ReplyDeleteLeathanbhanda don Ghaeltacht, sin an rud ba chóir do FnaG a gcuid airgead a chaitheamh air! Níl aon chóras satailíte ar fáil?
ReplyDeleteThart fá uair agus 20 bomaite a thabharfadh ó dhoras go doras thú. Cuirfidh mé pictiúr den teach in airde amach anseo. Tá sé le tarraingt agam go fóill!
ReplyDelete