Bhí mé ag smaoineamh go dtearn mé cuid mhór cainte faoi Mhargaret le tamall anuas, níor mhaith liom dearmad a dhéanamh de na páistí eile atá faoi chreataí an tí agam. Seo dán beag do Dan, mar sin. Beidh ceann do Chara ann roimh i bhfad.
Gormánach
Istigh ar na hoitreacha,
Gormánach!
Tchím anois a ghaosán gobach
ag cuartú an deargán in eangach.
Tá fhios a ghnóithe anois ag an ógrón
tá sé réidh le briseadh amach
is dúshlán an iascaire a thabhairt.
Istigh san uisce,
Gasúr!
Scáile an ghormánaigh úd ina shúile
a chraiceann úr mar chosaint dó,
tá sé réidh le briseadh amach
agus a bhealach a aimsiú
fríd eangacha an tsaoil.
Istigh ar an duirling,
Athair!
Feiceann sé anois an gasúr
agus an gormánach ag súgradh
a gcoirp mar aonchorp amháin
i mbriseadh cúir na farraige
iad ag imeacht uaidh, ag imeacht.
Istigh ina chroí,
Is maith liom mar a bhain tú feidhm as an siolla -án sa chéad rann: gormánach (is álainn an focal é sin!), gaosán, deargán, dúshlán. Tá fadhb bheag amháin ann, áfach. Bheinn ag súil le "ag cuartú an deargáin" nó "ag cuartú na ndeargán".
ReplyDeleteGo raibh maith agat as an dán!
An ceart ar fad agat. Mo dhearmad-sa. Go raibh maith agat.
ReplyDelete