Tugaim faoi deara go mbíonn sí ag iarraidh mé a shású go minic. Sású sa dóigh is go dtarraingíonn sí an comhrá i gcónaí ar rudaí dearfacha atá déanta aici, á dhéanamh aici agus a dhéanfaidh sí. Níonn sí beag is fiú, dar ndóigh, de na rudaí a chuirfeadh corraí, fearg nó imní orm - nach furast atá siad ábalta muid a léamh?
Bhí muid ag súgradh linn agus ansin gan coinne dúirt sí, cuma an-dáiríre ar a haghaidh bheag: "Daidí, ní bheidh mise ag caint Béarla!" An cloigeann beag ag sméideadh suas agus anuas, na málaí ardaithe os cionn súile móra. Dá mba dhuine í a bhí ag bualadh ar do dhoras, cheannófá árachas uaithi gan stró nó chaithfeá vóta nó dhó ina treo. Thig léi a bheith iontach údarasach.
Rinne mé gáire bheag léi, ach d'fhan an rud a dúirt sí i mo chloigeann. Cad as a tháinig an ráiteas mór seo uaithi? Níor mhaith liom go sílfeadh sí go raibh a dhath ar bith contráilte le bheith ag caint Béarla. Chuir mé ceist uirthi cé d'iarr uirthi gan a bheith ag caint Béarla. Ní raibh moill uirthi freagra a thabhairt orm. Aintí dá cuid a bhí ann. Chaith sí cúpla lá ar laethanta saoire i Sligeach an tseachtain seo chuaigh thart agus níl mórán Gaeilge ag na col ceathracha thíos ansin. Bheadh sé intuigthe go maith Béarla a bheith in úsáid aici. Mhínigh mé láithreach di go raibh sé ceart go leor a bheith ag caint Béarla, nach raibh a dhath ar bith contráilte leis.
Creidim féin gurb é sin ceann de na fáthanna is mó a thiontaíonn daoine óga in éadan na Gaeilge, mar go mothaíonn siad go bhfuil brú orthu Gaeilge a labhairt agus go bhfuil duine/daoine ag iarraidh iad a scaradh amach ó dhomhan mór an Bhéarla. Saol, bímis ionraic fá dtaobh de, atá tarraingteach dóibh.
Níl sé sláintiúil iad a bheith ag smaointiú gur drochrud é an Béarla nuair atá Béarla thart orthu. Scarfadh sin páistí óga amach ó dhaoine eile. Seans go gcreidfeadh siad go raibh siad ar dhóigh inteacht níos fearr ná na daoine thart orthu, nó go raibh Béarlóirí contráilte ar dhóigh éigin. Cibé deacrachtaí a bheadh le sin sa ghearrthréimhse, tuigeann muid uilig go dtig an t-am go gasta nuair nach mbíonn páistí ag iarraidh a bheith difriúil ar chor ar bith óna daoine óga thart orthu.
Má tá an coincheap sin go dtig le teangacha a bheith níos fearr nó níos measa ná a chéile greamaithe ina n-intinn rachaidh siad le teanga an tromlaigh agus tabharfaidh siad bata agus bóthar don teanga eile. Má thig leo a bheith compordach a bheith ag labhairt Béarla le lucht an Bhéarla agus Gaeilge le lucht na Gaeilge, is lú an seans go dtabharfaidh siad droim láimhe don Ghaeilge lá níos faide anonn ... tá súil agam!
Ar scor ar bith, chuaigh muid ag spaisteoireacht inniu, go díreach thart fán pháirc mhór atá os coinne an tí, agus thosaigh sí ag comhrá ar an ábhar arís gan coinne nó spreagadh uaimse:
"Daidí, tá Béarla iontach maith agam."
"Tá sin iontach, Margaret, sin iontach maith!"
An ceart ar an mbeirt agaibh, slán a bheas sibh agus bhur dteangacha uile!
ReplyDeleteAontaoim leat.Ní cheart aon bhrú a chur ar dáltaí i leith an Ghaeilge.D`fhoglaimeoidh siad an beirt teanga ansin, dátheangachas atá i gceist.
ReplyDeleteTá ceann fada ar an daidí seo. :-) Maith thú.
ReplyDeleteGo raibh maith agaibh as bhur dtuairimí agus tacaíocht. Sin an fáth gur thosaigh mé an blag seo. Tá mé ag iarraidh iad a thógáil le Gaeilge in áit ghallda agus níl fhios agam leath an ama cad a ba chóir domh a dhéanamh. Tá gach cuidiú de dhíth orm agus fáilte mhór roimh bhur gcuid tuairimí. Maith sibh.
ReplyDelete