Friday, July 3, 2009

Na Muicíní

Ag taisteal dúinn fríd Shasana le coicís anuas, bhí seinteoir DVD ar siúl againn sa charr do na páistí. Áis thar a bheith tábhachtach d’aon duine a bhfuil páistí óga acu ar chúl an chairr fá choinne tamaill fhada. Tá a scaileán beag féin ag Margaret agus Dan agus thig leo a bheith ag breathnú ar Dora, Fireman Sam, Postman Pat, Peppa Pig, Barney etc etc.

Tá Gaeilge ag cuid de na carachtair seo, níl ag an mhórchuid. Bíodh is go bhfuil sé doiligh ar Mhargaret canúint Dora a thuigbheáil, baineann sí an-sult as ‘Sciobaí’. I rith an turais seo, áfach, is ar Peppa Pig is mó atá cion Mhargaret dírithe.

Caithfidh sé go bhfuil an DVD áirithe sin feicithe aici 20 uair le seachtain nó dhó anuas. Tá mé féin agus mámaí ag iarraidh iontach tuirseach de. Peppa, George et al – tá a nglórthaí ag toiseacht ag greadadh ar ár gcluasa. Sin ráite, tá sé níos fearr ná síor-chlamhsán agus caoineadh ón chúl.

Chuir an mhuc bheag sin, Peppa, mé ag smaoineamh ar rann eile a bhaineann muid úsáid as leis na páistí. Aistriúchán ón Bhéarla, is dócha, ach baineann na páistí sult as.

Chuaigh an mhuicín seo ‘un mhargaidh

D’fhán an mhuicín seo sa bhaile

D’ith an mhuicín seo arán agus im

Níor ith an mhuicín seo dada

Chuaigh an mhuicín seo, wee, wee, wee, rith an bhealaigh ‘na bhaile.

Ceist do na saineolaithe gramadaí – tá mise anseo gan acmhainn foclóra nó leabhar gramadaí: AN MUICÍN nó AN MHUICÍN? Shílfeá go bhfuil an focal ‘muicín’ firinscneach, ach luíonn ‘mhuicín’ níos fusa ar mo chluas.

Ar an bhealach go Nottingham inniu. Cloisim go bhfuil coill Sherwood leagtha le fada ach ag súil le rian éigin de laoch m’óige, Robin Hood, le bheith le feiceáil ann.

10 comments:

  1. Tá muc baininscneach.Go n-éirí go gheal libh ar na saoire.

    ReplyDelete
  2. Tá an cheist seo iontach casta, dar le Liam Ó hAnluain, údar "Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí":

    Is iondúil gur baininscneach san ainmneach agus sa tabharthach, uatha, d'fhocal díorthaithe dar críoch -ín más ainmfhocal coiteann coitianta baininscneach an focal bunaidh: 'faigh an láirín bhán; ar an óinsín chéanna'.
    Is firinscneach do na focail sin sna tuisil eile: 'cosa an láirín bháin; suigh a óinsín bhig'.

    ReplyDelete
  3. Mo thuiscint, a Phroinsias, ná go bhfuil chuile fhocal a chríochnaíonn ar '-ín' firinscneach, fiú 'cailín', mar shampla.

    I gcás 'muicín', is focal cumtha é, canúnachas is dócha, an '-ín' sin curtha leis an bhfocal 'muc', focal atá baininscneach, le 'muicín' a dhéanamh di.

    Mar sin, ó tharla go canúnachas atá san focal, chuirfeá an séimhiú ann go nadúrtha agus tú ag labhairt. Ach, dá mbeadh duine ag scríobh go caighdeánach, is dóigh liom go mbeadh ort an focal 'muicín' a scríobh gan séimhiú, cé nach focal caighdeánach é, b'fheidir!

    Ar ndóigh, sin 'me-thuiscint', agus b'fhéidir go bhfuilim iomlán mícheart, agus gur míthuiscint atá ann! Ní saineolaí mé, a chara. Níl ann ach tuairim.

    Fáilte ar ais!

    ReplyDelete
  4. Ceist an-achrannach cinnte. Bhí mise ag teacht leatsa, a Áine, shíl mé riamh go raibh focail a chríochnaíonn ar 'ín' firinscneach. Tá mé caite amú go hiomlán ag a bhfuil le rá ag Dennis. Shíl mise go raibh smacht mheasartha agam ar an ghramadach, is léir go bhfuil rud nó dhó le foghlaim fós.
    Tháinig mé trasna ar an rud céanna i leabhar de chuid na bpáistí - An Chircín Rua. Shíl mé go raibh sé aisteach ag an am an seimhiú a bheith caite isteach ann. Tá míniú faighte anois... sílim!

    ReplyDelete
  5. Sea, deir Ó Dónaill (FGB) go bhfuil na focla seo a leanas baininscneach:

    circín
    óinsín
    beainín
    méirín
    cluaisín
    bóín
    7c.

    Agus na cinn seo firinscneach:

    súilín
    paidrín

    Is dóigh liom gurb é an focal "cailín" a áitíonn orainn go bhfuil chuile X-ín firinscneach. Bheadh sé níos éasca mar sin, ar aon nós! :-)

    ReplyDelete
  6. Suimiúil, a Dennis, agus go raibh maith agat. Táim ag foghlaimn liom. :-)

    Ceist agam ort. Tá na focail bhaininscneacha sin thuas san fhoclóir ceart go leor, ach céard faoi na focail sin nach bhfuil san fhoclóir, focail mar 'muicín', atá cumtha is dócha? Cén inscne a thabharfadh duine dó siúd sa chaighdeán, meas tú? Ó tharla an focal bunaidh 'muc' baininscneach, an 'an mhuicín' is cirte ansin, do bharúil?

    ReplyDelete
  7. Nó "an fuinneoigín vs. an fhuinneoigín", mar shampla? Níl a fhios agam beo. Agus níos measa (?) fós, is é an dá mhar a chéile dom é. :-) Ní hé seo an gad is giorra do scornach na teanga ná baol air. Tá suim agamsa sna minutiae seo, ach ní mór an tábhacht iad.

    ReplyDelete
  8. Céard! Tá rudaí ann atá níos tábhachtaí ná gramadach na Gaeilge! Ar inis aon duine é sin do na póilíní teanga...:-)

    ReplyDelete
  9. Ar taobh leis na DVDanna i gcomhar na paistí, tá i bhfad níos mó dóibh le leagann Gaeilge orthu ar fháil sa siopaí i Sasana ná in Éireann. Bím i Sasana go minic agus ceannaím cinn Dora agus Spongebob ansin. Níl fhios agam cén fáth nach bhfuil siad ar fháil anseo ach níl siad (fós ar aon caoi).
    Bhíos san Astráil tamall ó shin agus bhí a lán DVDann Dora le leagann Gaeilge orthu ar fháil ansin freisin ach bhí siad i Region 4.

    Bíonn Dora ar súil beagnach gach aon tráthnóna i mo theach agus bheadh mise agus mo bhean chéile as ar meabhair leis na cúpla atá ceannaithe againn ón siopa TG4 agus litriocht.com.

    ReplyDelete
  10. Nuair a éiríonn siad níos sine, is iad na hI-podanna is tábhachtaí sa charr! Thiománamar timpeall 2,400 míle ar ár laethanta saoire tamall ó shin, agus bhí a gcluasa plúchta an t-am ar fad, sílim (déagóirí atá againne). Ach bhí gach duine sásta!

    ReplyDelete