Tuesday, June 30, 2009

Londain na bhFáiltí

Ag fágáil Londain inniu agus gan agam ach dea-chuimhní de mhuintir na cathrach seo. Cé deir go bhfuil Londain neamhphearsanta fuar? Ní mise.
Chuir sé iontas an domhain orm an méid cuidiú agus comhrá cairdiúil a fuair muid ó strainséirí a fhad is a bhí muid anseo. 
Thóg muid na páistí isteach go Westminster ar an Tube inné. Ceann de na laethanta ba theo den bhliain a bhí ann. Chaith muid lá an-phleisiúrtha ann. Rud dúshlánach go leor, trí pháiste óg a thabhairt leat ar an Tube. Chuidigh daoine linn ar na staighre, labhair siad leis na páistí, thug siad suíocháin dúinn, chuir siad comhrá orainn, ofráladh uisce dúinn do na páistí, rug duine nó beirt ar Dan nuair a bhí sé ag dul ró-chóngarach do na doirse, chuidigh siad le Margaret nuair a tháinig longadán uirthi agus an traein ag tosacht. Ní thiocfadh le daoine a bheith ní ba chairdiúla linn.
Níl fhios agam an mbaineann sé le páistí a bheith leat. Creidim go mbaineann. Ba mhinic roimhe seo a thaisteal mé ar an Tube agus níor labhair aon duine liom ariamh. Caithfidh sé go bhfuil rud inteacht faoi pháistí a osclaíonn croíthe daoine. Ní bagairt dóibh iad. 
Ar scor ar bith, go raibh maith agaibh, a phobail Londain, agus go háirithe don bheirt bhan a bhí ina suí linn ar an bhealach ar ais abhaile agus a thug le fios go raibh Cara agus mé féin chomh cosúil lena chéile go n-aithneodh duine ar bith gur iníon liom í. Chuir sibh barr feabhais ar mo lá!

5 comments:

  1. Cuireann páistí (agus uaireanta peataí!) miongháire agus ardú croí ar cách seachas an dream is duairce. Go háirithe an dream an óg.

    ReplyDelete
  2. Is doigh liom go bhfuil taithí ar muintir Londan ar turasóirí.An uair dheireannach a bhí mé ann thug bean as an Ind faoi ndeara go raibh me ag iarradh mo slí a dheanamh amach as léascscáil an túb agus thug sí cabhair dom.

    ReplyDelete
  3. "Páistí, madraí agus ciceanna arda", a deir sean-nath na hamharclainne, "a chuireann an lucht féachana ina seasamh i gcónaí." Is dócha nach bhfuil cead ag na madraí ar an tiúb, agus ní bheadh na high kicks inmholta. Is méanar daoibh go raibh na páistí agaibh leis an gcuideachta a mhealladh. :-) Go n-éirí an chuid eile den bhóthar libh!

    ReplyDelete
  4. Ní bheadh cuma ar bith ar an saol gan na páistí, madraí agus ciceanna arda! Slán abhaile, a Phroinsias, tusa agus do chuid.

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agaibh. Ag baint ciceanna móra as an bhóthar chun an bhaile faoi láthair!

    ReplyDelete