Monday, May 4, 2009

An bhfuil sé in am dúinn deireadh a chur le deontais Ghaeilge?

Tá mórán caint ann na laethanta seo faoi chiorruithe. Tá siad i bhfeidhm in achan áit, agus ní haon eisceacht í an Ghaeltacht. Táthar ag gearradh siar ar dheontais tithíochta, tá deontais pobail i mbaol, beidh na coláistí Gaeilge thíos agus tá siad fiú ag caint ar deireadh a chur leis na 'puntaí' - mar a ba ghnách linne a thabhairt air - do na páistí scoile. Buile tubaisteach eile don Ghaeilge, dar le tromlach na dtráchtairí ar éist mé leo le cúpla lá anuas.
Níl mise cinnte an buile tubaiste a bheadh ann don Ghaeilge dá n-imeodh na deontais. Meabhraím corruair ar an fhiúntas a bhí agus atá leo mar dheontais. Ar éirigh leo stad a chur le meath na Gaeilge sna Gaeltachtaí? Ar éirigh leo oiread is Béarlóir amháin a mhealladh i dtreo na Gaeilge? Más rud ar bith é, de réir mo chuid taithí féin, chothaigh siad éad. 
Tógaim Árainn Mhór (an ceantar is mó a bhfuil cur amach agam air) mar shampla. Tá Gaeilge ag thart fá dhá thrian den phobal, Béarla amháin nó Béarla is mó atá ag an chuid eile. Cuireann sé isteach go mór ar lucht an Bhéarla ar an oileán go bhfuil (go raibh?) a gcomharsana i dteideal deontas €15,000 le teach úr a thógáil, áit nach bhfaighfeadh siadsan pighin rua. De réir mar a chonaic mise fríd na blianta chuir an t-éad seo glan in éadan na Gaeilge iad. Thuigfeá dóibh ar bhealach. Mhothaigh siad go raibh leithcheal á dhéanamh orthu.
Fuair mise na puntaí nuair a bhí mé óg, fuair mo bhean chéile na puntaí, ach ní sin an fáth go labhraíonn muid Gaeilge. I ndáiríre, an bhfuil duine ar bith ann a labhraíonn an Ghaeilge ar son airgid? B'fhéidir go bhfuil dul amú ormsa, ach ní fheicim gurb é an €200 sa bhliain ó na puntaí nó an seans ar dheontas fuinneog am inteacht sa todhchaí a ba chionsiocair le tuismitheoirí a bheith ag cur na Gaeilge ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile. 
Is dócha, mar sin, go bhfuil sé in am na seanchórais a athrú - níor oibrigh siad ar scor ar bith. Ní hé go bhfuil mé ag iarraidh go gcuirfí deireadh le tacaíocht rialtais don Ghaeilge agus dóibh siúd atá ar a ndícheall ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun tosaigh, ach tá géar-ghá le hathruithe sa chur chuige agus sna modhanna ina gcuirtear an tacaíocht sin ar fáil. 
Tá mise i mo chónaí faoi láthair i Leitir Ceanainn ach níl aon tacaíocht don tuismitheoir atá ag iarraidh a pháistí a thógáil le Gaeilge - tacaíocht ar bith, dada! Amharcaim ar chol-ceathracha Margaret, Dan agus Cara atá sa bhaile. Tá club óige Gaeilge ann, tá naíonra Gaeilge ann, eagraítear campaí samhraidh trí Ghaeilge do na páistí sa tsamhradh agus tá an iliomad rudaí eile ann - gan a bheith ag tracht ar na puntaí! Anseo, níl tacaíocht ar bith ann, rud ar bith go dtí go mbeidh siad aosta go leor chun freastal ar an ghaelscoil! Tá an t-ádh orainn go bhfuil gaelscoil an-mhaith againn sa bhaile seo, ach taobh amuigh den chóras oideachais, níl rud ar bith ann chun cuidiú leis na páistí an teanga a thabhairt leo.
Tá clann eile as Árainn Mhór ina gcónaí anseo i Leitir Ceanainn. Ár ndálta féin, ganntanas oibre sa bhaile a thug orthu an baile mór a bhaint amach. An t-athair agus an mháthair beirt as an oileán, thóg siad an triúr páiste atá acu le Gaeilge, tá an duine is óige acu ar an aois chéanna le Margaret s'againne. Tá Gaeilge ghalánta ag na páistí, ach arís ní raibh tacaíocht dá laghad ann dóibh. 
Má thógann tú an triúr páiste sin agus an triúr atá againn, sin seisear páiste de bhunadh Áranna a bhfuil fíor-chaint na Gaeltachta acu, ach nach n-áirítear fá choinne cuidiú ar bith mar gheall ar chuinsí tíreolaíochta. Tá rud inteacht cearr le córas a ligeann do neamart mar sin tarlú.
Anois, níor mhaith liom go dtógfaí contráilte mé. Is cuma cá mbeinn sa tír, nó fiú thar lear, bheinn ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge ag mo chuid páistí, is cuma tacaíocht stáit a bheith ann nó as dó. Creidim gur sin mar atá mórchuid phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Níl ann ach gur chóir dáileadh níos fearr a dhéanamh ar cibé acmhainní atá ar fáil, agus imeacht ar shiúl ón smaoineamh amaideach go dtig an Ghaeilge a shábháil le deontais fuinneog!

3 comments:

  1. Tuairim dhúshlánach go maith bíodh is gur gá cuimhneamh go bhfuil taithí éagsúil i gceantracha éagsúla cionn is na coinníollacha faoi leith. Ach cinnte go bhfuil athrú meoin de dhíth agus atheagar ar na critéir do dheontais ní amháin ar na hoileáin ach i saol na Gaeilge ar fad. Ar nóta pearsanta, arbh mhiste leat dul i dteagmháil liom ag eoghan@raidiofailte.com go ndéanfaidh mé píosa faoi seo. Go maire tú do bhlag nua. Eoghan O Néill

    ReplyDelete
  2. Níor aontaigh mé riamh le deontas a thabhairt nach mbeadh ar fáil go cothrom i.e. go mbeadh an deis chéanna ag gach duine a theacht ar an deontas, is cuma cén sórt deontais é, is cuma cén áit sa tír. Maith thú, a Phroinsias, as do thuairim a roinnt linn. Agus aontaím leat. Ní theastaíonn deontas le haghaidh béal a oscailt, cibé faoin fhuinneog!

    ReplyDelete
  3. Maith thú, a Eoghain. Tá fhios agam nach ionann an taithí atá agam ar an scéal agus an taithí a bheadh in achan áit. Sin ráite, is fiú plé a bheith déanta ar an cheist. Míle fáilte romhat an t-alt seo a thabhairt leat.

    ReplyDelete