Monday, May 25, 2009

Cabin Fever

Deir daoine go bhfuil muid craiceáilte a bheith ag iarraidh bogadh chun an bhaile. Tá sé ceart go leor a bheith istigh i rith an tsamhraidh agus i rith na laethanta saoire, ach tá geimhreadh iontach fada ann agus ní bheidh mórán le déanamh.
Níor ghlac mé riamh leis an argóint sin. Tá fhios agam go mbeadh srian de chinéal inteacht orainn ach ní fheicim cén dóigh go dtiocfadh leis a bheith níos measa ná an saol atá againn faoi láthair. Ní théann muid amach ach go hannamh, is fada ó bhí muid ag an phictiúrlann nó an amharclann, ní cuimhin liom an deireadh seachtaine deireanach a chaith mé ar na cláraí.
Ach ar an laghad, bíonn an rogha agat na rudaí sin a dhéanamh agus tú i do chónaí ar tír mór. Bíonn is dócha, ach go praiticiúil, ní bhíonn. Tá triúr páiste againn faoi aois a trí! Fiú dá bhfaighimid duine le haire a thabhairt dóibh ar feadh cúpla uair san oíche, tá an mhaidin ann - Ó, an mhaidin sin, tig sé ró-ghasta i dtólamh, agus ní maith an rud é a bheith i do shuí ag a seacht a chlog chun aghaidh a thabhairt ar shaol na gclúidíní agus cloigeann tiubh ort! Ní fiú é!
Tá ár dteach cóir a bheith tógtha againn. Táthar ag plástráil an taobh istigh anois, agus tá súil acu an obair a bheith réidh acu fá dheireadh an tsamhraidh. Nach muidne atá ag súil leis an lá mór. Spás dár gcuid féin in áit a bheith i gcónaí ag fanacht le tuismitheoirí. Tá an teach a thógáil ar shlios cnoic agus tá acraí fairsinge ann do na páistí le bheith ag reathaidh fríd an fhraoch.
Éireoidh tú aisteach, a deir siad liom, cineál de Cabin Fever a thiocfas ort. Beidh tú ag troid le hachan duine roimh i bhfad. Seans go bhfuil an ceart acu, agus má bhím níl neart air.
Tchítear domhsa go mbeidh i bhfad níos mó buntaistí le bheith i mo chónaí sa bhaile, go háirithe ó cuireadh tús le seirbhís farrantóireachta luath ar maidin. Thiocfadh liom leanstan ar aghaidh ag obair i Leitir Ceanainn agus na hoícheanta a chaitheamh sa bhaile. Beidh na páistí i measc a gcuid daoine muinteartha, neart col ceathracha, aintíní, uncailí etc thart agus daoine a labhróidh Gaeilge leo. Níl Arainn Mhór ar an Ghaeltacht is láidre sa tír agus tá ionsaithe á dheanamh ar an Ghaeilge ó thaobh na dtaobhann ann ach labhrann achan duine Gaeilge le páistí. Is rud aisteach é le feiceáil. Daoine fásta a labharfadh Béarla lena chéile ach Gaeilge amháin le páistí a chéile.
Ar scor ar bith, b'fhéidir nach mbeidh an t-Oileánach seo chomh 'tréigthe' sna blianta amach romhainn, a fhad is atá mé ábalta na rudaí oileánacha sin a choinneáil ar shiúl...
... nach iontach mar atá an focal céanna ar 'islander' agus 'insular' sa Ghaeilge. Is cosúil nach bhfuil sé sa chinniúint dúinn saol neamhachrannach a bheith againn!

5 comments:

  1. Má bhuaileann an diabhal Cabin Fever tú, beidh do chriú leat. Sin a bheas uait, a chara.

    An mbeidh fáil agat ar leathanbhanda?

    ReplyDelete
  2. Sin fadhb amháin a bheas againn. Ar an drochuair, níl leathanbhanda ar fáil ar an oileán go fóill.

    ReplyDelete
  3. An mbeifeá sásta cúpla grianghraf den teach atá á thógáil a thaispeáint dúinn? Ceist eile: cé chomh fada a thógann an turas ó dhoras go doras, .i. ón teach ar an oileán go dtí an teach scoile?

    ReplyDelete
  4. Leathanbhanda don Ghaeltacht, sin an rud ba chóir do FnaG a gcuid airgead a chaitheamh air! Níl aon chóras satailíte ar fáil?

    ReplyDelete
  5. Thart fá uair agus 20 bomaite a thabharfadh ó dhoras go doras thú. Cuirfidh mé pictiúr den teach in airde amach anseo. Tá sé le tarraingt agam go fóill!

    ReplyDelete