Friday, May 22, 2009

Dán do Dan

Bhí mé ag smaoineamh go dtearn mé cuid mhór cainte faoi Mhargaret le tamall anuas, níor mhaith liom dearmad a dhéanamh de na páistí eile atá faoi chreataí an tí agam. Seo dán beag do Dan, mar sin. Beidh ceann do Chara ann roimh i bhfad.

Gormánach



Istigh ar na hoitreacha,

Gormánach!

Tchím anois a ghaosán gobach

ag cuartú an deargán in eangach.

Tá fhios a ghnóithe anois ag an ógrón

tá sé réidh le briseadh amach

is dúshlán an iascaire a thabhairt.



Istigh san uisce,

Gasúr!

Scáile an ghormánaigh úd ina shúile

a chraiceann úr mar chosaint dó,

tá sé réidh le briseadh amach

agus a bhealach a aimsiú

fríd eangacha an tsaoil.


Istigh ar an duirling,

Athair!

Feiceann sé anois an gasúr

agus an gormánach ag súgradh

a gcoirp mar aonchorp amháin

i mbriseadh cúir na farraige

iad ag imeacht uaidh, ag imeacht.



Istigh ina chroí,

Cumha!

2 comments:

  1. Is maith liom mar a bhain tú feidhm as an siolla -án sa chéad rann: gormánach (is álainn an focal é sin!), gaosán, deargán, dúshlán. Tá fadhb bheag amháin ann, áfach. Bheinn ag súil le "ag cuartú an deargáin" nó "ag cuartú na ndeargán".

    Go raibh maith agat as an dán!

    ReplyDelete
  2. An ceart ar fad agat. Mo dhearmad-sa. Go raibh maith agat.

    ReplyDelete