Tuesday, May 12, 2009

An Focal Mór

Tháinig Margaret isteach an lá faoi dheireadh agus bhí an focal mór aici. Rinne muid iarracht neamhiontas a dhéanamh de ach d'amharc mé féin agus Suzanne ar a chéile agus bhí sé deacair gan gáire de chineal inteacht a dhéanamh. Bhí sí á cheol mar a bheadh rann ann. Caidé a thig leat a dhéanamh i gcás mar sin?
Tá fuath agam ar chaint ghraosta a chluinstin ó pháistí agus ó dhaoine óga. Bhí m'athair féin an-dian ar chaint den chinéal sin nuair a bhí muidne óg agus tuigim dó. Tá daoine ann gur chuma leo. Na focail mhóra in úsáid go fras is go fairsing ag na tuismitheoirí os comhair a gcuid páistí, ach ní maith liom é. Sílim go dtugann sé ar shiúl cuid de shoineantacht agus galántacht an óige. Beidh siad mór roimh i bhfad agus beidh orthu aghaidh a thabhairt ar shaol atá míofar go maith in amanna. Sílim gur chóir iad a chosaint ón ghránnacht sin chomh fada is a thig linn.
Tá sé deacair sin a dhéanamh. Tá sé acu ar an teilifís, tá sé acu amuigh ar an tsráid, óna gcairde agus óna daoine fásta thart orthu. Tá aintín ag Margaret a bhíonn de shíor ag iarraidh na mionnaí móra a theagasc di, díreach chun cur isteach ormsa - don chraic, mar dhea! Caidé a thig liom a dhéanamh? An ag snámh in aghaidh easa atá mé?
De ghnáth, déanaim neamhiontas den chaint ghraosta nuair a chluinim ó na páistí í. Cuireann sé isteach orm ach ní bhím ag iarraidh aird a tharraingt uirthi. Bím ag súil leis go ndéanfaidh siad dearmad di agus nach mbainfidh siad úsáid asti arís go háirithe nuair a bhíonn Graindea ar cuairt nó nuair a bhímid ag an aifreann.
B'fhéidir gur chóir domh a bheith ag teagasc na mionnaí móra gaelacha di: "Scread mhaidne ort", "Marbh Aindí ort", "Crochadh ard lá gaoithe ort", "Tórramh portáin go raibh i do dhiaidh" agus na cinn eile - tá siad níos fileata ar dhóigh agus níl siad leath chomh gairsiúil. Ar a laghad ní bheinnse náirithe os comhair phobal gallda Leitir Ceanainn dá ligfeadh sí sráith mallachtaí Gaeilge uaithi i rith an aifrinn...

2 comments:

  1. Mionn mór a úsáid san áit mhícheart, is ionann é sin agus ithe gan do lámha a ní, smuga a chaitheamh ar an urlár, an sailéad a ithe le do mhéara, etc. Tá sé in aghaidh béas, sin an méid. Ní peaca mór é, ach ní dhéantar sa teach seo é, lánstad. Más mar sin a mhínítear dóibh é, tuigeann siad gan dua.

    Agus... go raibh maith agat as "marbh Aindí" agus "tórramh portáin"! :-) Ní raibh siad agam. Ceist agam ort: cé hé Aindí?

    ReplyDelete
  2. Mar a tharla sé rinne mé rud beag taighde ar sin cúpla bliain ó shin. Bhí an cheist chéanna agamsa. An Captaen Aindriú Conyngham atá i gceist, de réir mo chuid eolais. (An chlann chéanna a thug a n-ainm do Conyngham Road i mBaile Átha Cliath, agus sinsir Henry Mountcharles i gCaisleán Shláine.
    Saighdiúr a bhí ann a bhí lonnaithe i gCaislean na dTuath in aice leis an Chraoslach i dTír Chonaill go gairid i ndiaidh don Éirí Amach i 1641. Is cosúil gur thug sé ruathar ar Árainn Mhór i Samhain na bliana sin agus gur marbhadh 63 duine de bhunadh Áranna a bhí i bhfolach ó na saighdiúirí.
    De reir na scéala chuaigh beirt de bhunadh an oileáin, Séamas Crón agus Aodh Bán, ina dhiaidh go ndearna siad luíochán air cóngarach do Chaisleán na dTuath. Is cosúil nach bás sona a bhí i ndán acu dó, gur oscail siad a bholg agus gur tharraing siad a chuid putóg amach agus é fós ina bheatha.
    Tá leagan den scéal ag Niall Ó Dónaill i 'Na Glúnta Rosannacha'. Ón am sin ar aghhaidh bhí an mhallacht sin ag bunadh Áranna... Marbh Aindí ort! ('Marú phaindí ort' a deirtear, glacaim leis go bhfuil an litriú atá agamsa air ceart.)Bheadh sé fós ag cuid den tseandream, ach cosúil le achan rud ní minic a chloistear anois é!
    Níl fhios agam raibh sé ar fáil mar mhallacht i gceantracha eile sna Rosa nó in Iarthar Thír Chonaill, nó an mbaineann sé leis an oileán amháin.

    ReplyDelete