Wednesday, May 6, 2009

Go raibh tú sona anocht, a Jessica!

Bhí mé ag aifreann cuimhniúcháin tráthnóna. Iarscoláire de mo chuid, Jessica, a fuair bás an mhí seo chuaigh thart. Níor chaith an ghirseach bhocht ach dhá bhliain is fiche ar an tsaol seo. Meiningíteas a thug a bás. Ba ócáid tragóideach agus truamhéileach í. 
Phreab mo pháistí féin isteach i m'intinn go minic i rith an aifrinn. Caidé mar a thiocfadh liom deileáil leis dá dtarlódh a dhath dóibh? Rinne mé tréaniarracht an smaoineamh scáfar sin a chur amach as m'intinn ach bhí sé deacair. Tá mo shaol athraithe ó bhun le trí bliana anuas acu. Níl aon dabht ann ach go bhfuil obair chrua i gceist le páistí a thógáil is go mbím tuirseach de shíor, ach ar ór na cruinne ní rachainn siar. Níl a fhios agam cén dóigh a rachainn ar aghaidh gan iad.
Labhair mé le máthair Jessica i ndiaidh an aifrinn. Labhair sí liom faoina hiníon. Thosaigh sí ag tochailt cuimhní. D'inis sí domh faoi dhialann de chuid Jessica a fuair sí, go raibh mé luaite ann, go ndeachaigh mé i bhfeidhm ar an chailín óg ar dhóigh dhearfach inteacht. Chonacthas domh go raibh sí ag iarraidh labhairt faoina hiníon ach go raibh sé doiligh uirthi. Bhí sí ag iarraidh a bheith láidir ach ba léir nach raibh sí i bhfad ar shiúl ón chaoineadh fhras. Bean mhisniúil chróga bhriste atá inti.
Cén fáth nach bhfuil focal againn do thuismitheoir a bhfuil páiste caillte acu? Tá an focal 'dílleachta' againn don pháiste a chaill tuismitheoir, tá 'baintreach' againn don duine a chaileann céile, ach níl aon fhocal (go bhfios domhsa) ann fá choinne tuismitheoir a bhfuil mac nó iníon caillte acu - i mBéarla nó i nGaeilge. Seans go bhféadfadh saineolaí inteacht mé a cheartú anseo, ach ní heol domh aon fhocal a bheith ann. 
Cén fáth? An tabú é? An rud é nach mbímid ag iarraidh labhairt faoi, rud gur mhaith linn a sheachaint. Tá cumhacht ag focail. Tugann siad brí agus míniú do rudaí. Cuireann muid smacht ar rudaí tríd iad a ainmniú agus a rangú. Is féidir iad a phlé agus iarracht a dhéanamh iad a thuigbheáil nuair atá téarma againn dóibh. Seans nach mbímid ag iarraidh a bheith ag smaoineamh ar bhásanna anabaí agus gur sin an fáth nár cumadh focal riamh don choincheap úd, níl a fhios agam!

Thug mé barróg a bhí rud beag níos dlúithe agus póg a bhí rud beag níos míne do na páistí sula ndeachaigh siad a luí anocht. 

5 comments:

  1. Dia idir sinn agus an t-olc. Más buan mo chuimhne, ní raibh Peig Sayers ábalta caint faoina mac caillte le héinne, mar bhí imní ar gach éinne go dtiocfadh an mí-ádh orthu má luaitear é, slán mar a n-insítear é.
    Ar dheis Dé go raibh do chara.

    ReplyDelete
  2. Tá cúis eile leis an tabú, agus an easpa ainm. Is beag teaghlach nach bhfuil leanbh caillte acu - sa bhroinn, nó ina dhiaidh. Is cuid de bheith i do thuismitheoir é, beagnach.

    Bhíodh seo níos fíré fadó, nuair a bhí teaghlaigh níos mó ann, agus an beatha níos baolaí.

    Cumha domhain atá i gceist, cumha atá deacair a phlé, nó a roinnt. Tá aon bhás tobann, roimh an sean aois deacair a thuiscint.

    ReplyDelete
  3. Rinne mé machnamh ar do cheist maidir leis an bhfocal, nach bhfuil ann, don tuismitheoir a chaill mac nó iníon. Ba mhaith liom na focal 'caoinmháthair'(nó fiú 'caoinathair') a roinnt leat.

    As mo stór féin iad, a Phroinsias, mar is minic sa stór sin a fhaighim na focail nach bhfuil in aon áit eile, a chumaim féin, ach a chuidíonn liom ciall a dhéanamh den rud atá deacair a thuiscint in amanna.

    Chaill mo mháthair mac agus iníon. Is bean séimh agus caoin í, ach is iomaí deor atá silte aici de thoradh a caillteanais. Sé an focal sin 'caoinmháthair' atá agam di i mo stór focal féin, mar go dtugann sé 'brí agus míniú' domsa. Mar a dúirt tú 'Tá cumhacht ag focail', agus níl fáth ar bith nach féidir linn ár gcinn féin a chumadh ó am go chéile.

    ReplyDelete
  4. Is maith liom an focal sin, a Áine, agus tá an ceart agat maidir le cumadh foca úrl. Sílim go bhfuil gá le rudaí a ainmniú, fiú nuair is rudaí agus coincheapanna deacra iad, chun a bheith ábalta deileáil i gceart leo. Fiú más focal príobhaideach é nach eol do aon duine eile ach muid féin, d'fhéadfadh luach agus fiúntas a bheith ann.

    ReplyDelete
  5. Scéal tragóideach é sin, a Phroinsias. Fuair col ceathrar óg de mo chuid bás agus é trí bliana d'aois roinnt blianta ó shin, agus ní fhaca mé rud ar bith níos brónaí ná an cónra beag bán sin á iompar amach as doras tosaigh an tí ag a athair. Níl oiread agus focal amháin ráite agam leo faoi bhás a mic ó shin. Sílimse féin in amannaí go bhfuil rudaí ann nach dtig linn focal a thabhairt orthu...

    ReplyDelete