Thursday, May 21, 2009

Saor sinn ó Pholaiteoirí!

Tá muid cráite le cúpla seachtain anuas ag polaiteoirí ag teacht chuig an  doras. Tig siad i gcónaí idir 6 agus 9 a chlog, an t-am is measa do thuismitheoirí a bhfuil páistí an-óg acu. Tá dinnéar le hullmhú agus le hithe, folcadáin le glacadh, fiacla le scuabadh, buidéil le déanamh, clúidíní le hathrú, pitseamaí le cur orthu, paidreacha le rá, scéalta le léamh agus sa deireadh páistí tuirseacha le cur a luí. 
Tá sé doiligh go leor seo a dhéanamh gan a bheith ag dul chuig an doras trí nó ceithre huaire i rith an tráthnóna chun éisteacht leis an ráiméis chéanna ó pholaiteoir i ndiaidh polaiteora eile. Is duine measartha stóchúil mé agus de ghnáth cuirim suas leis go foighneach  - níos lú ama le caitheamh i bPurgadóir agam, a deirim liom féin - is déanaim iarracht fáil réidh leo chomh gasta is a thig liom.
Briseadh ar mo fhoighne go hiomlán an lá faoi dheireadh, áfach, nuair a tháinig polaiteoir a bhí ag rith mar iarrthóir neamhspléach do Chomhairle Bhaile Leitir Ceanainn chuig an doras. Gheall sé níos mó gardaí ar na sráideanna i Leitir Ceanainn dá bhfaighfeadh sé isteach. B'fhéidir nach bhfuil mise ag tabhairt a cheart dó, agus go bhfuil plean iontach ag an iarrthóir neamhspléach áitiúil seo chun dul i bhfeidhm ar Choimisinéir na nGardaí agus ar an Aire Dlí agus Cirt, acmhainní a thógáil ar shiúl ó Fhionnghlas agus Luimneach in aimsir seo na gciorruithe, agus iad a chur ar shráideanna an bhaile seo - agus má tá mé contráilte ina thaobh, bhéarfaidh mé vóta fá chroí mhór mhaith dó go deireadh mo chuid laethanta - ach ar chúis éigin, níor chreid mé é.
Choinnigh mé mo stuaim fada go leor leis an doras a dhruid go bogchiúin ina dhiaidh, ach b'éigean do
 Suzanne bhocht cluas a thabhairt do mo racht. Caithfidh sé, a dúirt mé léi, go bhfuil dóigh inteacht ann chun iad a choinneáil ar shiúl. 
Ansin, tháinig mé ar phlean. Chroch mé fógra ar an fhuinneog taobh an dorais ag iarraidh ar pholaiteoirí gan Gaeilge fanacht ar shiúl. Bhfuil fhios agat... tá sé ag obair. Bhí tráthnóna ciúin againn. Beidh le feiceáil caidé mar a oibríonn sé sna laethanta amach romhainn.


5 comments:

  1. Ar fheabhas ar fad!!!! An bhfuil 'patent' agat ar an chomhartha sin, a Phroinsias? Caithfidh mé féin ceann a chur in airde!

    ReplyDelete
  2. A Sheáin, bíodh sé agat agus míle fáilte.

    ReplyDelete
  3. Na polaiteoirí bochta balbha...

    ReplyDelete
  4. Well well well - blog ag an "maistir" Mac a'Bhaird. Tá súil agam go bhfuil gach rud i do shaol ag seoladh chun cinn gan fadhb ar bith. Lean ort leis an scríobhnoireach - níl morán "gnath daoine" ag scríobh as gaeilige are an ghréasáin.

    Paul May (Pól Ó Miadhaigh). Iar-scolaire Coláiste Mhuire.

    ReplyDelete
  5. Bheul, a Phóil, caidé mar atá tú? Nach beag an saol é. Bhí mé ag smaoineamh ort cúpla mí ó shin ar chúis éigin, agus seo anois thú. Tig achan rud lena iomrá!
    Tá súil agam go bhfuil an saol go maith agat, a Phóil. Bhí sé iontach deas scéal a fháil uait.

    ReplyDelete