Thursday, May 28, 2009

An Tarracóir Gorm!

Tá beirt leaid óg ina gcónaí in aice linn anseo i Leitir Ceanainn. Polannaigh atá iontu atá ar thuairim na haoise céanna le Margaret agus Dan. Leis an aimsir mhaith a bhí againn le cúpla seachtain anuas, bíonn siad amuigh ag súgradh os comhair na dtithe sa chlós ina bhfuil muid inár gcónaí.
Le mí anuas, tá muid ag tabhairt cead do Mhargaret agus Dan dul amach ansin fosta. Tá sé measartha sábháilte, níl ach cúpla teach ann, ní bhíonn mórán carranna ag teacht agus ag imeacht, agus bíonn neart páistí thart ag súgradh. Tá fhios ag achan duine atá ina gcónaí anseo go mbíonn siad amuigh agus tiománann siad iontach cúramach.
Níl Béarla ar bith ag na Polannaigh agus dar ndóigh níl Polannais ar bith ag páistí s'againne. Bhí siad amuigh ansin tráthnóna inniu agus iad ag súgradh lena chéile gan fadhb ar bith. Bhí an chuma orthu go raibh siad ag baint an-chraic as a chéile - ar na rothair bheaga, ag léimnigh thart, ag malartú bréagán, ag reathaidh i ndiaidh a chéile.
Is beag feidhm atá ag teangacha, corruair. Uaireanta eile is iad na rudaí is tábhachtaí ar domhan iad. Thig linn daoine a mholadh leo ach fosta thig linn iad a ghortú. Is rud an-pholaitiúil é an teanga a labhraíonn muid agus uaireanta an teanga nach labhraíonn muid - go minic, bíonn i bhfad níos mó i gceist ná cumarsáid. 
Bheadh sé ar an rud ab' fhusa ar domhan domhsa an Béarla a labhairt sa chlann, sheachnóinn an iliomad deacrachtaí, domhsa agus b'fhéidir do mo pháistí, ach ní sin an rogha atá déanta agam. Tá rogha déanta agam do mo pháistí mar ba mhaith liom go mbeadh tuigbheáil agus ceangal ní b'fhearr acu lena ndúchas agus lena n-oidhreacht. Tá ráiteas polaitiúil á dhéanamh agam ar shlí, ráiteas faoina náisiúntacht, ráiteas in éadan an homaiginithe, b'fhéidir. Seans gur ráiteas frith-Shasanach atá ann! An bhfuil sé de cheart agam ráitis den chinéal a dhéanamh ar a son-sa? Níl fhios agam. Tá sé á dhéanamh agam cibé ar bith!
Is trua go gcaithfidh an oiread sin 'bagáiste' a bheith bainteach le teangacha. Is trua nach dtig linn glacadh leo mar bhealach cumarsáide amháin agus an pholaitíocht a bhaineann leo a fhágáil ar leataobh. Smaoiním arís ar an cheathrar acu amuigh ag súgradh tráthnóna, an gáire agus craic a bhí acu beag beann ar aincheisteanna an tsaoil. Ní raibh de pholaitíocht acu ach cé a bhí chun gabh a fháil ar an tarracóir gorm, agus shocraigh siad an fhadhb sin gan teanga ar bith a úsáid! 

2 comments:

  1. D'fheadfaí an cheist chéanna a chuir faoi chinneadh ar bith a níonn tú - go comhfhiosach nó go neamhchomhfhiosach - agus tú ag tógáil clainne.

    Is agatsa (agus ag do bhean) atá an dualgas, an phribhléid agus an ceart na gasúir a thógail. Beidh a bheag nó a mhór de pholaitíocht ag baint le pé rud a dheánann sibh, mar sin is fearr e dheánmah go chomhfhiosach, agsu chun leas na bpaistí. Agus is chun a leas é níos mó ná teanga - agus meon - amháin a bheith acu. Níl sin frith rud ar bith, tá sé ar son ruda!

    ReplyDelete
  2. Is cinnte go bhfuil an dá léamh ar achan scéal - agus is tú a chanann an fhírinne.

    ReplyDelete