Tuesday, February 15, 2011

Luchógaí Shráid Downing!

Is cosúil go bhfuil fadhb acu i Sráid Downing le luchógaí móra.



Tá sé ar intinn agam mála beag de chréafóg Thoraí a sheoladh chuig Daithí Ó Camarúin agus a chuideachta. Is iontach an stuif uilig é!
Fuair mise mo mhála thart ar 10 mbliana ó shin ó Phádraig Ó Dúchaoin ar Oileán Thoraí. De réir an tseanchais, leag Colm Cille cúram ar mhuintir Uí Dhúchaoin créafóg a thógáil ón tseanmhainistir ar an oileán agus é a roinnt ar cibé duine a thiocfadh á iarraidh. Bhí duine amháin de mhuintir Uí Dhúchaoin ó shin i leith a raibh sé de chúram aige an obair sin a dhéanamh.
Coinníonn sé luchógaí móra ar shiúl. Leag mise é ar an bhunsráith sa teach atá againn i Leitir Ceanainn nuair a bhí sé á thógáil agus rinne mé amhlaidh bliain nó dhó ó shin in Árainn Mhór nuair a bhí an teach sin á thógáil. Ní raibh fadhb againn riamh leis na luchógaí.
Níl fhios agam cén fháilte a bheadh ag MI5 leis? Seans go mbeidh siad ag caitheamh amhrais ar an chréafóg dhubh a rá gur ó sceimhlitheoirí nó antoiscigh a tháinig sé. Bíodh acu. Mar a dúirt Ó Dúchaoin liom nuair a thóg sé mé chuig an mhainistir leis an chréafóg a thógáil. 'Muna bhfuil creideamh taobh thiar de, ní oibreoidh sé!'
Sin ráite, seans go bhfuil creideamh níos láidre acu fá Shráid Downing na laetha seo ná mar atá ar Oileán na Naomh!

Wednesday, February 2, 2011

Jóc salach!

Bhí Cití i ndiaidh a bheith amuigh ag siúl ó mhaidin. Í costarnocht, rinne sí a bealach ó Ghaoth Dobhair go hAonach an Chlocháin Léith beart stocaí ar a droim léi le díol, í ag spágáil fríd an tsneachta i rith an lae. Bhí sé doiligh beatha a thabhairt i dtír na laethanta sin ach ní raibh a athrach saoil ann do mhná na háite.
Bhí sé ag dul ó sholas nuair a phill sí ar an bhaile agus cé casadh uirthi amuigh ag beathú na gcearc ach Peigí.
"Áiriú, a Chití, tá tú conáilte. Come in an' warm yir feet."
"Maise, 'Pheigí, ní mo phit atá ag cur isteach orm ar chor ar bith ach mo chosa!"

Boom boom!

Tuesday, February 1, 2011

Bratach Bhríde Orainn!

Bhí oíche phléisiúrtha againn anocht. Chruinnigh na comharsana isteach agus rinne muid na crosóga. Tá an oíche seo ar cheann de na hoícheanta is fearr liom sa bhliain. Bhí na páistí ag cur suime i ndéanamh na gcrosóg anocht den chéad uair, iad mór go leor leis na feagacha a lúbadh. Ceann ciotach déanta ag Margaret agus ceann a raibh tarrtháil mhór de dhíth air déanta ag Dan.
Ar ndóigh cuid den oíche i dtigh s'againne is é an comhrá agus airnéal, rud a d'fhág na páistí mall ag dul a luí. Óladh cúpla deoch agus, cé nach ndearna muid brúitín ar bith i mbliana, itheadh ár sáith.
Tá an tEarrach linn a chairde, agus beidh na laethanta ag dul chun síneadh. Bhí mé ag éisteacht le daoine ag caint faoi choiscéimeanna coiligh le cúpla seachtain anuas, beidh siad le feiceáil i gceart feasta!
Tá na crosóga crochta, an bhratach fágtha amuigh agus é in am soip, ach fágfaidh mé sibh le paidir na féile:
"Gabhaigí ar bhur nglúine,
fosclaigí bhur súile
agus ligigí isteach Bríd bheannaithe!"

Monday, January 31, 2011

Focal úr

Ag caint domh le máthair mo chéile inniu, tharla focal úr domhsa sa chomhrá. Chaith mé tamall maith den tráthnóna ag iarraidh teacht ar an dóigh cheart lena litriú.
"éadach DACHALLACH" a bhí aici. An míniú a bhí aici air ná éadach a bhí dorcha- donn, dubh corcra etc. Chaithfeá éadach geal sa tsamhradh ach éadach "dachallach" a chaithfeá sa gheimhreadh.
An focal is gaire den chiall atá aimsithe agam go dtí seo ná "dócúlach". Uncomfortable, painful, distressing (FGB) Is minic an fhuaim 'a' ag 'o' i gcanúint s'againne. Barúil ar bith ag aon saineolaí amuigh ansin?

Friday, January 28, 2011

Bean an líne!

Níor mhaith liom cur isteach ar mo chara Áine, ach shíl mé go mbainfeadh sí gáire iorónach as an phictiúr seo a chur cara de mo chuid chugam inné.
Chuir sé mé ag smaoineamh. Cibé rud faoin drochmheas a léiríodh ar an bhean óg seo ar Sky, tá an scéal anois ag déanamh a bhealaigh thart ar an ghréasán domhanda agus pictiúir mar seo (agus níos measa) á seoladh ar fud na háite. An fiú i ndáiríre gearán a dhéanamh faoi aineolas/beageolas/claoneolas daoine, nuair nach mbíonn de thoradh air ach tuilleadh díspeagadh agus masla!

Monday, January 24, 2011

"Daidí, ní maith liom tusa!"

Nach iontach mar a úsáidtear an grá mar uirlis cogaidh. Tá leaid beag agam sa bhaile atá ag foghlaim cén dóigh le dúmhál mothúchánach a imirt orm.
Bhí milseáin á lorg aige inniu ach dhiúltaigh mé iad a thabhairt dó. D'iarr sé an dara huair, achan 'le do thoil' agus impí uaidh. Dhiúltaigh mé arís ag míniú dó go mbeadh an dinnéar ann gan mhoill agus dá mbeadh sé ina ghasúr mhaith go mb'fhéidir go bhfaigheadh sé rud inteacht ansin.
"Ach Daidí, mise do ghasúr!", cuma an bhróin ar a aghaidh bheag.
D'fhéadfainn géilleadh ag an phointe sin ach sheas mé an fód. D'athraigh sé tactaicí ansin go tobann agus chuir sé pus air féin.
"Daidí, ní maith liom tusa!"

Nuair a bhí an dinnéar ite, fuair na girseachaí cúpla milseán. Tháinig Dan ag lorg a choda.
"Daidí, is maith liom tú anois!"

Fuair sé a mhilseáin!

Sunday, January 23, 2011

Wedgies, Purple Nurples & Noogies!

Tá mé den bharúil le tamall maith go bhfuil easpa tábhachtach i bhfoclóireacht na Gaeilge, béarlagar na n-óg!
Focal coitianta ar nós 'cool', tugtar 'faiseanta' nó 'seolta' mar rogha ar focal.ie. Ní dóigh liom féin go bhfuil ciall an fhocail mar atá sé ag an aos óg tagtha slán le ceachtar den dá rogha. Taobh amuigh den fhocal sin, is beag focal eile den tsórt a bheadh i ngnáthúsáid ag ógánaigh atá ar fáil in aon bhailiúchán focal Gaeilge.
Mo thuairim féin ná gur chóir na focail seo a uchtú, a ghaelú rud beag b'fhéidir nó iad a fhágáil i gcruth Bhéarla agus stádas 'iasachta' a bhronnadh orthu. Tá sé tábhachtach a leithéid a dhéanamh. Bím ag scríobh agus ag aistriú go minic agus ba mhaith liom a bheith in ann iad a úsáid, ach drogall orm iad a dhéanamh de bharr an easpa stádais atá acu sa teanga. Is gá don scríbhneoir iad a chur i gcló iodálach, le taispeáint don léitheoir gur iasacht atá ann, leithéidí: "Thug sé wedgie do Mhicí..."
Muna bhfuil an téarma againn i nGaeilge ghlan, ba chóir an téarma a uchtú díreach ón Bhéarla ach stádas a bheith tugtha dó san fhoclóir. Feicimse nach bhfuil fadhb mhór ag lucht foclóra i dtíortha eile a leithéid d'iasachtaí a bheith aitheanta sa teanga scríofa. Tá an iliomad sampla de sa Bhéarla. Tá sé ag tarlú sa ghnáthchaint cé bith, tá sé tábhachtach an treocht a bheith aitheanta sna foclóirí fosta!
Tharla gur iarradh orm Gaeilge a chur ar chúpla ceann acu ar na mallaibh: wedgie, purple nurple agus noogie. Tarraingt fobhríste, casadh cíche agus núgaí a thug mé orthu (cé go raibh fonn orm wedgie a fhágáil sa Bhéarla!) Bheadh suim agam a fháil amach an mbeadh moltaí níos fearr ag éinne!