Friday, May 1, 2009

Cúpla Rann

Cuid tábhachtach de shaol aon pháiste ná na rannta. Cuidíonn siad go mór leis na páistí an teanga a shealbhú, fuaimeanna a chleachtadh agus giota spraoi a bheith acu. Tá fhios agam go bhfuil cuid mhaith leabhar ar an mhargadh san am i láthair atá lán de rannta beaga deasa. Tá cuid eile nach bhfuil ar fáil sna leabhair.
Shíl mé go mbeadh sé deas cuid de na cinn atá in úsáid againne a chur suas anseo, b'fhéidir go dtiocfadh le tuismitheoirí eile iad a úsáid fosta. Má tá aon sárú cóipchirt déanta agam, gabh mo leithscéal. Is ónár muintir a chuaigh romhainne a fuair muidne iad agus ní ó leabhair - cá bhfios cá bhfuair ár muintir iad. (Tá gníomhaíochtaí ag dul le cuid acu.)

"Buail ar an doras,  (Buail ar do chloigeann)
Amharc isteach (Lámha mar ghloiní ar na súile)
Tóg an latch (Méar faoin ghaosán)
agus siúl isteach (2 mhéar ag siúl isteach sa bhéal)
Suigh ar an stól (dorn faoin smigead)
agus bí ag ól (mar a bheifeá ag ól)
is caidé mar atá tú ar maidin!" (croitheadh lámh)

Humptaí Dumptaí
ina shuí ar an bhalla.
Shéid an ghaoth
agus thit sé go talamh.
Briseadh a bhlaosc
agus scoilteadh a chroí
is cé go raibh sé bán
anois tá sé buí!

A hAon, a Dó, Muc is Bó
A Trí is a Ceathair, Bróga leathair
A Cúig is a Sé, Cupa tae
A Seacht is a hOcht, Seanbhean bhocht
A Naoi is a Deich, Pighin go leith!

Ceol arsa an asail
is é amuigh sa pháirc,
éist le mo ghlórsa
is é ag seinnm port.
Ee-haw, Ee-haw
Ee-haw, Ee-haw, Ee-haw!

Cuirfidh mé tuilleadh anseo ar ball.

2 comments:

  1. Bainimse úsáid astu freisin. Roinnt acu agam ó tógadh (i mBÁC, le gaeilge) mé, roinnt eile a d'fhoghlaim mé ó Rabhlaí Rabhlaí, Gugalaí Gug, nó saothair eile. Ait go leor, ní ritheann aon chumasc Ultach de rannta liom. An bhfuil a leithéid ann?

    ReplyDelete
  2. Ní heol domsa go bhfuil - tá sé in am bualadh faoi, a Phroinsiais. Agus go n-éirí go geal le do bhlag. Tá an-chuma air go dtí seo.

    Tadhg Mac Dhonnagáin

    ReplyDelete