Sunday, June 28, 2009

Aoife agus Peadar

Cathair mhór Londain bainte amach againn. Thug muid cuairt aréir ar chol ceathracha agus ar ár muintir atá ina gcónaí anseo. Tarlaíonn sé go bhfuil col ceathrair agamsa pósta ar dheartháir Suzanne. D'fhán muid leo.
Is iontach mar a shníomhtar teaghlaigh le chéile in áit bheag ar nós oileáin. Níl an pobal chomh mór sin agus tarlaíonn sé go mbíonn cuid mhór idirphósadh ann. Fágann sin páistí s'againne agus páistí Eibhlín agus Tony ina gcol ceathracha, ina gcol seisreacha agus ina gcol ochtracha faoi dhó! (Clann an dearthár agus deirféar, óí, agus fionnóí faoi dhó... más fearr leat!) Rinne mé dearmad a lua roimhe go bhfuil muintearas fola idir mé féin agus mo bhean álainn - fada go leor amach chun go mbeadh muid saor ó cháin phósta, ach tá sé ann cibé ar bith. Bí ag caint ar Hillbillies!
Ar scor ar bith, bhog Eibhlín agus Tony agus a mbeirt pháiste, Eoghan agus Aoife anseo go Londain dhá bhliain déag ó shin. Bhí Eoghan thart fá naoi mbliana d'aois ag an am, ní raibh Aoife ach cúig bliana nó mar sin. Bhí fíorbheagán Béarla ag Aoife nuair a tháinig sí anseo. B'éigean di é a fhoghlaim. Rinne a tuismitheoirí cinneadh nuair a tháinig siad, Béarla a labhairt leis na páistí chun go mbeadh sé níos fusa orthu luí isteach ar shaol na scoile anseo. Chaill siad an Ghaeilge ina ndiaidh sin.
Tarlaíonn sé go bhfuil deartháir eile ag Suzanne ina chónaí anseo, agus bhí mac aige - Peadar - a bhí sa bhád chéanna. Níor labhair sé ach Gaeilge go dtí gur tháinig sé anseo. Ba ghnách leis a bheith ag caoineadh nach raibh na páistí eile ábalta é a thuigbheáil. Labhair a thuismitheoirí Béarla leis ina dhiaidh sin. Níl cuimhne ar bith aige ar an Ghaeilge a bhí aige, ach oiread le hAoife.
Sin beirt pháiste arbh cainteoirí dúchais Gaeilge iad lá den tsaol nach bhfuil ábalta an teanga a labhairt níos mó. Bhí Aoife ag éisteacht le Margaret aréir, agus ní raibh sí ábalta a chreidbheáil gur labhair sí Gaeilge mar sin nuair a bhí sí óg. Dheimhnigh a máthair di, gur sin go díreach mar a bhí sí. 
Cúpla bliain ó shin, nuair nach raibh Aoife ach deich mbliana nó mar sin, bhí sí féin agus a muintir sa bhaile. Bhí seanfhíseán á thaispeáint sa teach acu. Físeán a bhí ann a rinneadh nuair a bhí Aoife ina ghirseach óg ar chomhaois le Margaret, b'fhéidir. Siúd í ag spalpadh Gaeilge, agus Aoife bhocht a bhí ag amharc ar an fhíseán, ní raibh tuigbheáil ar bith aici ar na focail a bhí ag teacht amach as a béal féin. Brónach? Sea! Léargas fosta ar chomh leochailleach is atá cúrsaí teanga! 
Ar scor ar bith, bhí oíche an-mhaith acu le hAoife agus Peadar agus na col ceathracha eile aréir. Neart spraoi agus craic. Bhí siad iontach tuirseach ag dul a luí agus is maith liomsa sin, faighim codladh níos fearr nuair a bhíonn amhlaidh. 
Breithlá Mhargaret a bheidh ann amárach. Níl fhios agam cár imigh na trí bliana sin? Níl fhios agam caidé atá romhainn sna trí bliana atá le teacht, ach bhfuil fhios agat seo, tá mé ag súil go mór leo! 

3 comments:

  1. Is mór an trua gur ghéill siad.

    Nuair a d'fhill muide ón nGearmáin, ní raibh ach Gearmáinís agus Gaeilge ag Tiernán agus Fionn. Ceart go leor, bhí ar ár gcumas Tiernán a sheoladh chuig Gaelscoil, mar sin níor bhac sé le Béarla a fhoghlaim go ceann bliana nó mar sin. Ach anois tá an trí theanga go paiteanta acu.

    Agus fiú i Londain, cheapfainn gur iomaí leanbh a bhfuil teanga teaghlaigh sa bhreis ar an mBéarla acu.

    ReplyDelete
  2. An ceart agat, a aonghuis, is trua. An rud nach dtuigeann cuid mhór daoine ón iasacht faoi mhuintir na Gaeltachta nó nach díograiseoirí teanga iad an formhór acu. Tá siad cosúil le gach duine eile, níl sa teanga ach uirlis chumarsáide dóibh. Má fheiceann siad go bhfuil an teanga ina bhac ar dhul chun cinn a gcuid páistí (bíodh an tuairim sin ceart nó contráilte) ligfidh siad le sruth í go minic.

    ReplyDelete
  3. Agus thuigfeá dóibh. Go hairithe agus lucht léinn agus leighis ar feadh i bhfad mícheart faoin dátheangachas.

    Is mór an trua nach féidir a mhúineadh gur maith an rud é dornán teangacha. Tá súil agam go léireoidh na hinimircigh inar measc gur féidir roinnt teangacha a bheith go paiteanta ag duine.

    Sin, nó bheith fágtha ach líon beag díograiseach, pé acu ón nGalltacht nó ón Gaeltacht. Nuair nach bhfuil an teanga ina theanga phobail níos mó, beidh rud thar a bheith luachmhar caillte againn.

    ReplyDelete