Sunday, June 14, 2009

Nuair a bheidh mé trí déag beidh mé mór!

Breithlá Dan a bhí ann inniu. Dhá bhliain d'aois inniu. Tá breithlá Mhargaret ann i gceann coicíse ach beidh muid thar lear ar leathanta saoire nuair a bheas a breithlá ann agus shocraigh muid ar an dá ócáid a cheiliúradh inniu. Tuirsiúil!
Tuirsiúil, ach iontach. Chruinnigh an chlann uilig agus cúpla cara beag le chéile agus bhí cóisir bheag againn. A fhad is a bhí na daoine beaga ag cartadh miodamas isteach iontu, bhí seans ag na daoine móra, labhairt. 
Tá deirfiúr agam atá ina cónaí i nDún Éidean agus deirfiúr eile i mBaile Átha Cliath, ach d'éirigh leo a bheith ann, Graindea agus Nana agus cuid eile den chlann atá ina gcónaí i ngar dúinn, bhí siad ann fosta. Ní minic a thig muid uilig le chéile ag an am chéanna, agus is deas gur tharla sé inniu.
Le cúpla seachtain anuas bhí muid ag caint le Margaret faoi cad is brí le breithlá. Níl fhios agam an dtuigeann sí i gceart go fóill, ach ní raibh as a béal le seachtain nó dhó ach: "Tá mise cóir a bheith trí. Tá mise cóir a bheith mór." Ansin, amannaí eile tig sí amach le "Nuair a bheidh mé trí déag, beidh mé mór!" B'fhéidir go bhfuil sí ag éisteacht linn ag ceol barraíocht.
Cén fáth go mbíonn páistí i gcónaí ag iarraidh a bheith mór? Tá cuimhne agam féin ar an am nuair a bhí mise óg, ní raibh de dhíth orm ach a bheith fásta. Dar liom bheinn ábalta mo rogha rud a dhéanamh nuair a bheinn-se mór. Is dócha go mbeidh an dul amú céanna ar Mhargaret. Nach trua nach dtig leis an tsoineantacht agus an aois a bheith níos cairdiúla lena chéile?
Thug mé le fios anseo tamall beag ó shin go raibh fadhb bheag againn leis an Fhocal Mór. Cibé áit a chuala sí é, bhí Margaret ag gabháil dó cúpla seachtain ó shin - gan ciall dá laghad aici ar chiall an fhocail dar ndóigh. Le tamall anuas bhí mé ag iarraidh leagan níos sábháilte a theagasc do na páistí agus bhí ag éirí liom. Tá Dan ag dul thart le seachtain ag rá "Íosa Mhuire inniu!" Chuala Margaret é ar maidin, agus dúirt sí liom i gcogar, cuma an-dáiríre ar a haghaidh, cloigeann ag sméideadh: "Íosa Mhuire inniu Daidí, ní fuck sake!"
Ó, an tsoineantacht - go maire sí an trí bliana déag, an trí bliana is fiche, an trí scór!

2 comments:

  1. Chuir tú tús iontach le mo lá ar maidin, a chara, leis an scéal seo - táim ag gáire fós! Go raibh maith agat, agus go raibh céad míle maith ag Margaret, cibé aois a bheidh aici.

    ReplyDelete
  2. Tá nia agam a raibh fadhb aige leis an bhfocal 'firetruck' tráth. Dhá f a bhí ann aige.
    Ceist: Cén focal Béarla a thosaíonn le F agus a chríochnaíonn le UCK? Firetruck, dar ndóigh!

    Nó an bhfuil leoraithe agaibhse?

    ReplyDelete