Monday, June 22, 2009

Cúpla Rann

Tá mé i ndiaidh teacht ar roinnt mhaith aistriúchán de rannta pháistí. Tá cuid acu in úsáid againn. Tá sé deacair go leor teacht ar rannta i nGaeilge - cuirim cuid acu anseo mar áis do thuismitheoirí eile:

Bualadh Bos, Bualadh Bos
Daidí ag teacht 'na bhaile
Milseáin ina phóca
dá (ainm an pháiste) beag féin.

Bhí feirm bheag ag Dónal Mór
Ee-aye, ee-aye, ó
Is ar an fheirm, bhí cúpla bó
Ee-aye, ee-aye, ó
Le Moo anseo, is moo ansin
Moo moo anseo, is moo ansin
Bhí feirm bheag ag Dónal Mór
Ee-aye, ee-aye, ó!

(thig na hainmhíthe eile a chur isteach ina dhiaidh sin. Go minic cuireann muidne ainmneacha na bpáistí, a gcuid col ceathracha etc isteach fosta.)

Rann na hAibitire:

ABCDEFGHIJKLNMOPQRSTUVWXY agus Z
Anois tá fhios agam mo ABC
thig leat teacht amach ag spraoi!

Mise is tusa is ruball na muice
is Bacach Shíol Aindí Ó!
Bacach Shíol Aindí Ó
Bacach Shíol Aindí Ó.
Mise is tusa is ruball na muice
is Bacach Shíol Aindí Ó!

(Ní aistriúchán é an ceann deireanach. Ceann a bhí againn sa bhaile atá ann. Níl a fhios agam faoi Dhia cérbh é Bacach Shíol Aindí Ó!)

Cuirfidh mé tuilleadh anseo ar ball!

3 comments:

  1. An míniú seo a leanas ó Vincent Morley:

    Tá an líne seo a leanas le fáil in amhrán a cumadh i
    gContae Mhaigh Eo go gairid tar éis éiri amach 1798:

    'mise is tusa is ruball na muice is bacach Shíle Andaí'

    Is cosúil gur leagan truaillithe de 'Bucky's Highlanders'
    - reisimint Albanach a throid san éirí amach - atá sa
    tagairt do 'bacach Shíle Andaí', agus gur leagan
    truaillithe eile é 'ruball na muice'. An teoiric atá
    agam féin (agus níl ann ach teoiric) gur 'rabble of
    Mickies' - a bhí sa bhunleagan.

    ReplyDelete
  2. Is beagáinín conspóideach an ábhar é cad a deir na hainmhithe áirithe as Gaeilge...

    Agus maidir leis an aibítear, seo leagan Ghearóid Uí Cheallaigh:

    ABCDEFG,
    HILNMOP,
    RST,
    U???

    Níos fearr nuair a chloistear é, dar ndóigh.

    ReplyDelete
  3. Tá sin an-suimiúil Denis. Bhí leathbharúil agam go raibh baint aige le 1798. Bhí Napper Tandy sa cheantar sna 1790í.
    Tá cara de mo chuid a rinne staidéar ar an cheol ón am sin, caithfidh mé ceist a chur uirthi.

    ReplyDelete