Tuesday, June 2, 2009

Costa del Poll a' Mhadaidh!

Díreach i ndiaidh an deireadh seachtaine fada a chaitheamh sa bhaile. Nach iontach an aimsir a bhí againn. Chaith muid inné agus inniu ar an trá, agus tá mé mar a bheadh gliomach ann tráthnóna! C'tuige a mbeaifeá gaibhte le dul go dtí an Spáinn nuair atá an Costa del Poll a' Mhadaidh againn ar leac an dorais...
Agus muid ar an trá inniu, casadh aintín de mo chuid orainn agus thosaigh sí ag gabháil do rann leis na páistí, ceann nach raibh cloiste agam roimhe. Tá dúil agam sna rannta, agus déanaim iarracht iad a chruinniú. Seo mar a bhí sé aici:

"Bhí madadh beag agam darbh ainm dó Aoisín
Tháinig sé liom is mé ag ceannach snaoisín
Bhris sé an bocsa agus dhoirt sé an snaoisín
is sin é an scéal fá mo mhadadh beag Aoisín!"

2 comments:

  1. Níl ag teastáil ach crúsca deas sangría, agus is féidir é sin a chur le chéile gan dua áit ar bith!

    ReplyDelete