Saturday, June 20, 2009

Comhrá na hOíche Aréir

Bhí an-oíche chomhrá agam aréir, a bhuíochas do MhiseAine agus an cheist a d'fhág sí anseo cúpla lá ó shin. Bhí mé istigh sa bhaile agus tharraing mé an comhrá ar an chóiriú coirp. Rud a chonaic mé déanta i m'óige ach nach raibh feicithe agam le cúig bliana déag nó mar sin.
Mar fhreagra ar do cheist, a MhiseAine, tá sé ar siúl go fóill. De ghnáth tarlaíonn sé nuair a fhaigheann duine bás ar an oileán agus nuair nach mbíonn aon ghá iad a thabhairt amach go tír mór fá choinne scrúdú iarbháis. Má fhaigheann duine bás san oispidéal déantar ansin é. Má roghnaíonn an chlann balsamú, tig an t-adhlacóir isteach. De réir mar a chuala mé aréir, tá sé iontach daor an t-adhlacóir a thabhairt isteach chun an oileáin chun balsamú a dhéanamh ar chorp, agus de ghnáth, is duine den teaghlach a ghlanann é, a dhruideann na poill ar an chorp, a ghléasann agus a chóiríonn é. Mórán mar a bhí leagtha amach Thall is Abhus.
De ghnáth, tógtar an t-adhlacóir isteach chun an corp a thabhairt chuig teach an phobail - bíodh obair a bheith deanta aige ar an chorp nó nach mbíodh. I gcás drochaimsire, taracóir agus cairt a úsáidtear.
Chaith muid uair ag plé nósanna fáire agus tórraimh. Cleasanna a imríodh, pisreoga agus araile. Go raibh maith agat as do cheist, a MhiseAine, chuir sé go mór le mo oíche.

Rud amháin a rith liom sula ndeachaigh mé a luí. Nuair a bhíonn faire nó tórramh ann, ní bhíonn Suzanne ag iarraidh na páistí a thabhairt linn. Dar léi, tá siad ró-óg. Níl fhios agam an aontaím léi. Sílim féin go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh teagmháil déanta ag páistí leis an taobh sin den tsaol.
Bhí cara agam i mBaile Atha Cliath nach bhfaca corp go dtí go raibh sé 30 bliana d'aois. Tháinig sé liom chuig faire uair amháin agus ní raibh a fhios aige cén rud a ba chóir dó a dheanamh. Ní raibh fhios aige cad a ba chóir dó a rá le muintir an duine mhairbh, nó cén dóigh len é féin a iompar sa teach. Shíl mé go raibh sin brónach.
Is dócha go bhfuil na páistí giota beag ró-óg go fóill, Níl fhios agam cad é an t-am ceart len iad a chur ar an eolas faoin bhás agus an taobh sin den saol atá romhainn uilig?

6 comments:

  1. Ní raibh baint agam féin le corpán go dtí go raibh mé 39 mbliana d'aois. Nuair a tháinig lucht an adhlacóra chuig an teach bhí iontas orthu go raibh an fear marbh ina luí go suaimhneach ar a leaba féin NIOS MO NA 24 uaire a chloig tar éis dó bás a fháil! Is cosúil go ndéanann daoine deabhadh le fáil réidh le corpán i gCalifornia.

    ReplyDelete
  2. Go raibh céad míle maith agat, a Phroinsias.

    Cheap mé, ceart go leor, go raibh an nós ag dul go fóill, mar chuala mé go ndéantar é ar oileáin eile amach ón gcósta.

    Áthas orm go mbaineann do leithéid an oiread sin tairbhe as eolas a bhailiú agus a bhainim féin, agus táim buíoch díot as an eolas seo a bhailiú ar mo shon. Roinnfidh mé é le Seán thall in Thall agus Abhus anois.

    Mo chuimhne, baol ar bith go roinnfeá linn an méid a chuala tú faoi na nósanna faire agus tórraimh sin a lua tú am éigin amach anseo?

    Maidir le páistí a thabhairt chuig faire nó tórramh, ní féidir liom ach mo thaithí féin a roinnt leat – braitheann sé ar an bpáiste, agus ar an tuismitheoir freisin. Is iondúil gurb iad na daoine fásta a chuireann a bhfaitíos nó a n-amhras féin ar an bpáiste, nuair nach mbíonn a leithéid ar pháiste go nádúrtha, má thuigeann tú leat mé. Agus, go minic, ní maith le tuismitheoir páiste a thabhairt leo chun tórraimh, mar nach bhfuil siad féin in ann an bás a mhíniú, ná a thuiscint in amanna.


    Níor chuir a leithéid isteach ná amach ar mo pháistí mar gur ghlac siad leis an mbás mar chuid den saol, mar gur mar sin a roinneadh an t-ábhar leo i.e. ní dhearna mé aon scéal mór den rud, ach d’fhreagair na ceisteanna mar a cuireadh orm iad, sin más rud go raibh mé in ann freagra a thabhairt ar an gceist. Nuair nach raibh, dúirt mé é sin leo.

    Chuir mé ceist ar an triúr acu inniu, agus dúirt siad nach bhfuil cuimhne acu air ach go gcreideann siad go raibh siad timpeall ocht nó naoi mbliana d’aois nuair a chonaic siad a gcéad chorp. Más rud go bhfaca siad ceann ní ba luaithe, níl cuimhne acu, ná agamsa, air, agus dá bhrí sin, dar leo, níor chuir sé isteach ná amach orthu. Cibé scéal é, níl aon droch-chuimhní acu.

    ReplyDelete
  3. Déanfaidh mé sin cinnte, a Áine. Tá muid ag imeacht ar laethanta saoire ar béal maidne agus is beag fáil a bheidh agam ar ríomhairí nó ríomhphoist. Am inteacht amach anseo!

    ReplyDelete
  4. Maith thú! Bain sult as na laethanta saoire.

    ReplyDelete
  5. Áine agus Proinsias, go raibh míle maith agaibh as an eolas breise a chuir sibh le mo sceitse faoi chóiriú coirp. Maidir le marbháin agus páistí, ba é an nós a bhí ag mo mhuintir féin ná sinn a thionlacain go leaba an mharbháin le go bhfeicfimis é agus go leagfaimis póg ar a éadan. Cuma cad ab aois dúinn, b’in mar a bhí an scéal. Níorbh amhlaidh do gach teaghlach ar an tsráid seo ‘gainne agus measaim gur cuimhin liom tuismitheoir éigin ag teacht chun gearán a dhéanamh le m'athair toisc gur ligeadh do leaidín leis an corp a fheiceáil. Nós eile a bhí againn, picnic do na páistí óga a reáchtáladh sean-aintín linn sa reilig le linn adhlactha. Oráistí, ceapairí agus bainne a bhíodh againn de ghnáth fad a bhí na paidreacha á rá agus an chónra á cur i gcré. Smál síceolaíoch orm féin ní léir dom de dheasca na gcleachtas sin uilig.

    ReplyDelete
  6. Fáilte romhat, a Sheáin. Cuirfidh mé tuilleadh anseo nuair a bheas faill agam.

    ReplyDelete