Friday, June 5, 2009

Le ceartú???

Tá Margaret ag tosacht de mo cheartú. Bhí mé ag caint léi an lá faoi dheireadh agus ag míniú dithe go mbeadh muid ag dul ar an bhád. Thiontaigh sí chugam agus dúirt sí: "Bád, an t-ainm atá air, Daidí." Níl an Tuiseal Tabhartach ar a toil go maith aici go fóill agus shíl sí go raibh botún á dhéanamh agam le 'ar an bHád'. Tharla sé cúpla uair le seachtain nó dhó anuas le focail eile fosta.
Níl iontas orm go mbíonn sí ag gabháil don cheartú, mar is minic a cheartaím féin a cuid cainte. Bíonn fadhb aici corruair leis na forainmneacha réamhfhoclacha, bíonn siad i gceart aici cuid den am ach uaireanta eile bíonn leithéidí: 'Thug sé sin do mise", "Bhí sé le tusa". Ní bhíonn mórán trioblóid leis an cheartú, níl agam le rá ach "Thug sé sin...", tuigeann sí go bhfuil rud contráilte ráite aici agus deir sí láithreach "...domhsa". As siocair go bhfuil taithí aici ar an cheartú agus ar rudaí a bheith ráite i gceart, is dócha go luíonn sé le ciall go mbeadh sí ag iarraidh mise a cheartú fosta.
Bím inmíoch mar sin féin. Níor mhaith liom a bheith a ceartú barraíocht. Tá sé tábhachtach go mbeadh rudaí i gceart, agus go háirithe nuair nach bhfuil an Ghaeilge le cluinstin mórán thart fá Leitir Ceanainn, go mbeadh bealach aici chun ceart na teanga a thabhairt léi.
Is fíor a rá fosta go bhfuil gramadach agus ceart na teanga go mór faoi bhagairt sa Ghaeltacht féin. Tá leithéidí 'Tá sé ag cur fuil' agus 'tá sé gasúr beag maith' cloiste agam. Ag brath ar an chainteoir, tá an ginideach, an tabhartach, an chopail agus na hinscní i mbaol a gcaillte. Dar ndóigh is i measc na n-óg is measa atá an scéal. Tá Gaeilge bhacach den chinéal ag cuid de chol ceathracha na bpáistí. 
Ní maith liom a bheith dá gceartú, mar is iontach an rud iad a bheith sásta Gaeilge a labhairt ar chor ar bith. Dá mothódh siad nach raibh a gcuid Gaeilge maith go leor agus dá mbeinnse ag iarraidh iad a cheartú an t-am uilig, chaillfeadh siad suim inti mar theanga an-ghasta. Tuigim, mar mhúinteoir, go dtig le barraíocht cáinte agus ceartaithe daoine a thiontú i d'éadan, go bhfuil sé tábhachtach a bheith dearfach faoi iarrachtaí páistí agus neamhiontas a dhéanamh de mheancóga corruair.
Bhfuil duine ar bith amuigh ansin a bhfuil taithí acu ar fhadhb den chinéal seo. Fáilte mhór roimh chomhairle nó tuairimí faoin dóigh is fearr chun ceart na Gaeilge a chinntiú gan an iomarca ceartaithe!

6 comments:

  1. Bhíodh m'athair de shíor do mo cheartú, is cuma cén teanga, Béarla nó Gaeilge, agus mé ag fás aníos.

    Rinne sé, agus mo mháthair, amhlaidh maidir le mo bheasa, agus maidir le m'iompar. Níor thug mé aird ar bith ar an gceartú, cé gur fhan na ceartúcháin liom riamh, agus is le buíochas agus meas a thug mé liom iad thar na blianta.

    I bhfocal eile, a chara, ní thabharfaidh do pháistí faoi deara go bhfuil tú a gceartú, is cuma cén t-ábhar atá á cheartú agat, i mo thuairim.

    Ach, tá aiféala orm, agus ar mo pháistí, nár labhair mé Gaeilge leo agus iadsan ag fás aníos. Is minic iad ag cásamh liom mar gheall air, mar go dtaitneodh sé go mór leo an teanga a bheith ar a gcumas acu.

    Lean ort, a Phroinsias. Beidh siad buíoch díot amach anseo. Táim do cheartú anois, sula ndéanfaidh tú an botún a rinne mise. :)

    ReplyDelete
  2. A Phroinsias, ceast deachair igcónaí ceist an ceartúcháin.Bíonn tagairt do "na poilíní teanga" in iGaeilge agus is ceart gan dul thar fóir.Ach glacaim lena bhfuil á rá ag MíseÁine leis.Bheadh sé go deas dá mbeadh Gaeilge cruinn ó thaobh gramadach ag páistí ach tá buntáiste mhór ag do phaistí an Gaeilge a fhoglaim ón gcliabhán.Sea ceartúcháin ach bheith íogair agus gan dul thar fóir.

    ReplyDelete
  3. An moladh a chuala mise riamh ná nach ceart iad a cheartú go díreach; gurbh fearr an leagan cruinn a úsáid in abairt eile go gairid i n-diaidh dóibh an botún a dhéanamh.

    ReplyDelete
  4. Tá mé iontach buíoch díbh as bhur gcuidiú agus comhairle. Go raibh maith agaibh

    ReplyDelete