Thursday, June 11, 2009

Dán beag

Seo dán atá idir lámha agam san am i láthair. Tá mé measartha sásta leis, ach is é an deacracht atá agamsa nó go dtagaim ar ais chuig mo chuid dánta arís agus arís eile, ní bhím a choíche sásta leo...

Dán do Mhargaret

Gormbhrat Ghabriel ag síniú sa spéir
bogbholadh sáile mar thúis ar an ghaoth
tá giúsadáin ag lúbadh dá n-ísliú go humhal
roimh an néamhann beag ansiúd ina luí.

Ní raibh ariamh agus ní bheidh a choíche
a leithéid de ghnaoi i ngirseach chaoin,
is atá le feiceáil i ngileacht do shúl
nó i mboladh cumhra do chraicinn mhín.

Deir daoine go bhfuil séimh do shinsir
greannta ar do ghnúis, é ag lonrú geal,
guím níos fearr ná sin fá chéad duit,
a ghile, a bhanríon álainn aoibhiúil.

Is deir siad fosta nach bhfuil i ngáire bheag
do bheola ach ‘folláin sáithe’ – gaoth,
ní thuigeann siad go bhfuil rúin bheaga eadrainn
nach scaoilfear leis an tsaol a choíche.

Ag breathnú ort i do chodladh chiúin a chroí,
braithim gur ag teacht i dtír atá mo bhád,
go bhfuil néalta dubha an bhróin i bhfad uaim,
agus nach séidfear i mo threo-sa go deo iad.

Braithim i mblaisín beoga do phóige
go bhfuil mé ar oilithreacht ar thuras na n-aingeal
tchím parrthas i séideadh eorna do ghruaige
tig brí le mo shaol nuair a bheirim ar do lámh gheal.


* folláin sáithe … an gháire a thig ar pháistí óga, nach fíorgháire í ar chor ar bith, ach a thig de bharr gaoithe. (Nath atá coitianta sa bhaile ach nach bhfuil mé ábalta teacht air i bhfoclóir ar bith.)

3 comments:

  1. Dán álainn! Agus is maith liom, go mór, an focal 'néamhann' sin. Ní fhaca mé é sin cheana. Cheap mé gur comhfhocal 'neamh-ann' a bhí ann nuair a chonaic mé é ar dtús, ach ansin thug mé an guta fada 'é' faoi deara.

    Mar sin féin, nach maith a d'fheilfeadh 'neamhann' di freisin, dá mbeadh a leithéid d'fhocal ann!Bronntanas ó neamh ar thalamh...

    ReplyDelete
  2. Tháinig tacht orm, a chara.
    An t-aon laghas ar an síor-athsrcíobh ná é a fhoilsiú... Táim ag ullmhú eagrán an Fhómhair anois...(agus cad fústa, a Áine?)

    ReplyDelete