Cuireann sé iontas orm i gcónaí chomh díograiseach is atá roinnt daoine. Tá bean ón Fhrainc ina cónaí sa bhaile le cóir a bheith deich mbliana anois. Tá sí pósta ar chara de mo chuid agus tá trí pháiste acu.
Sílimse go bhfuil obair i gceist le dhá theanga a chinntiú do na páistí, ach tá trí theanga in úsáid sa teach sin. Labhraíonn na páistí Gaeilge le Daidí, Fraincis le Mámaí agus ansin tá an Béarla acu fosta. Tá roinnt bheag Gaeilge ag Mámaí agus baineann sí úsáid as an ghiota beag atá aici, níl mórán Fraincise ag mo chara-sa.
Tá sé suimiúil a bheith sa teach leo. Daoine ag athrú ó theanga go teanga de shíor agus ní chuireann sé isteach nó amach ar aon duine acu. Is fíor an rud a deir siad nach ualach ar bith do pháistí é an t-ilteangachas!
Ar ndóigh, ní hiad na páistí a tharraingíonn aird léirmheastach ar úsáid ilbhláthach an ilteangachais, ach daoine fásta.
ReplyDeleteTagann chuile theanga go nádúrtha chuig na páistí, is cuma cén méid teanga atá ann, fiú na Focail Mhóra sin, faraor…:)
Sea is le linn an óige is fearr na teangacha a fhoghlaim.
ReplyDeleteMórán mar a gcéile againne, ach gur Gearmáinís atá ag mo bhean. Ó tharla Gearmáinís líofa agamsa, is beag Béarla a bhíonn sa teach againn - cé go bhfuil na buachaillí anois ag Béarlóireacht le chéile go minic. Tionchar na leabhair agus an teilefís, agus go háirithe na cluichí ríomhaireachta!
ReplyDelete