Saturday, June 6, 2009

An tAinm Ceart

Rugadh iníon bheag ag mo chol ceathrair ar an Déardaoin. Girseach bheag ghalánta atá inti. Tá sé i gcónaí suimiúil a bheith ag dul isteach chun na hotharlainne agus babaí úr a fheiceáil. Cé go raibh triúr de mo chuid féin agam le trí bliana anuas, chuir sé iontas orm chomh beag leochailleach is a bhí sí. Déanann tú dearmad chomh gasta sin.
Níl ainm ar bith acu go fóill. Dúirt mo chol ceathrair liom nach bhfuil nóisean dá laghad acu, cén t-ainm a roghnóidh siad. Mar a dúirt sí féin bhí siad ag smaoineamh air le 9 mí, ach fós níl aon cheann aimsithe acu.
Tá ainmneacha tábhachtach. Tá an oiread sin le tabhairt san áireamh agus ainm do phaiste á roghnú agat: Ainm clainne nó ainm úr; ainm traidisiúnta nó ainm faiseanta; ainm gaelach nó ainm gallda; litriú an ainm; ainm a léireofas pearsantacht nó tréith; ainm nach féidir a ghiorriú; ainm nach dtarraingeos magadh ar pháiste la níos faide anonn; ainm a bhfuil míniú ar leith leis; ainm a chuirfeas rud inteacht faoin chreideamh in iúl - Ní lia duine ná tuairim faoi na tosaíochtaí gur féidir a bheith ann nuair a thagann sé chuig páistí a ainmniú.
Nuair a tháinig sé chugainn féin, roghnaigh muid ainmneacha clainne. Chuir sé iontas ar roinnt daoine gur fhág muid na hainmneacha 'Margaret' agus 'Dan' i mBéarla ach gur thug muid an sloinne gaelach 'Mac/Nic a' Bhaird' orthu. Tá daoine ann a athraíonn go 'Máiréad agus Dónal' iad. Ní maith liom sin. Tugadh ainmneacha orthu ar chúiseanna ar leith - cúiseanna nach dtuigeann gach duine. Mothaím go bhful rud éigin a bhaint díofa nuair nach ndeirtear a n-ainmneacha i gceart. Tá tábhacht ag baint le hainmneacha, bíonn níos mó i gceist ná lipéid go díreach.
Sin ráite, tugaim faoi deara go dtugann Margaret 'Maggie' uirthi féin go minic. Níl aon deacracht agam le sin. Thig leis an duine féin a rogha rud a dhéanamh lena ainm, dar liom, ach tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh meas ag daoine eile ar cibé rogha a dhéanann úineir an ainm.
De réir mar a théann muid in aois, ceanglaítear níos mó agus níos mó de phearsantacht, stair, saol, éachtaí, saothar, clann agus buanna an duine leis an ainm a iompraíonn sé nó sí. Bíonn muid ag iarraidh ár ndea-ainm a chosaint. Is ionann ionsaí a dhéanamh ar ainm is ionsaí a dhéanamh ar an duine féin.
Go minic caitear ainmneacha thart ar nós cuma liom, déantar giorrúcháin díofa, déantar leasainmneacha díofa, cuirtear as a riocht iad - go breá, más de réir toil an úinéara é, nó má dhéantar é le cion agus grá, ach ní hamhlaidh a bhíonn i gcónaí. Is rud é gur chóir do dhaoine a bheith ag smaoineamh air.
Mar sin, Helen agus Joe, glacaigí bhur gcuid ama ag roghnú ainm don ghirseach bheag ghleoite atá agaibh - is ceann de na rudaí is tábhachtaí a thabharfaidh sibh dithe é!

3 comments:

  1. Tá a lán cailíní ann, abhus anseo ar aon nós, a bhfuil Cameron -- agus uaireanta Campbell -- mar ainm orthu. Is cuimhin liom an chéad uair, beagnach fiche bliain ó shin, nuair a d'fhiafraigh mé de dhaidí úrnua, "An bhfuil a fhios agat céard is ciall le 'Cameron'?" Ní raibh, ar ndóigh, agus ní mó ná sásta a bhí sé nuair a dúirt mé "crooked nose".

    ReplyDelete
  2. Is iomaí Colleen agus Donna atá ann nach bhfuil a fhios dá laghad acu cad is brí dá n-ainmneacha.
    Tá sloinne (Íodálach, sílim) Amadon (a fhuaimnítear mar amadán) ann...

    ReplyDelete
  3. Is cinnte go bhfuil mórán daoine amuigh ansin nach ndéanann mórán smaoinimh roimh ré ar na hainmneacha a roghnaíonn siad dá bpáistí. Le tamall anuas tháinig mé trasna ar chailíní a bhí ag iompar 'Crystal', 'Chantelle', 'Tiegan', 'Roxy' agus 'Britney' leo. Cailíní gleoite, ach sílim go raibh na tuismitheoiri rud beag faoi thionchar an 'mode de jour'!

    ReplyDelete