Wednesday, June 17, 2009

Na Scoláirí Gaeilge

Beidh na scoláirí Gaeilge ag teacht Dé hAoine. Am mór é in Arainn, comhartha go bhfuil an samhradh tagtha agus go bhfuil an aimsir le briseadh.
Tá buntaistí móra ag baint leis na scoláirí céanna. Cuireann siad fostaíocht ar fáil, tugann siad neart airgid leo, baineann na daoine óga an-sult as na haghaidheanna úra a fheiceáil, tosaíonn na céilithe agus na cluichí agus an chraic. Chaith mise blianta fada ag obair leo agus tuigim an sult agus an tairbhe a bhaineann siad féin as an áit agus an bheocht a chuireann siad ar ais isteach ann.
Tá muid féin ag smaoineamh ar iad a choinneáil i gceann bliain nó dhó nuair a bheas an teach úr réidh againn. Choinnigh máthair Suzanne iad ar feadh 28 bliana agus tá cleachtadh maith aici ar iad a bheith sa teach, tá mise á múineadh le 16 bliana agus tá cleachtadh maith agamsa ar a ndóigheanna. Is é an phríomh-chúis dúinn a bheith ag smaoineamh ar iad a choinneáil, áfach, ná an t-airgead (is oth liom a rá!) Ní thógtar tithe úra go saor na laethanta seo - fiú leis an chúlú i mbarr a réime - agus beidh an t-airgead de dhíth orainn.
Bheadh sé deas iad a bheith sa teach fosta do na páistí, ach tá an baol ann go dtabharfadh siad Béarla isteach chun tí leo. Cé go bhfuil riail na Gaeilge measartha dian sa choláiste, braitheann sé i gcónaí ar an scoláire. Gheobhaidh tú daoine atá fíor-mhaith san iarracht a dhéanann siad, gheobhaidh tú daoine eile atá faillíoch go maith.
Anois, ní duine de na póilíní teanga mé (tá súil agam) agus níl mé ró-thugtha de bheith ag cur riail na Gaeilge i bhfeidhm i mo theach-sa. Tá Gaeilge sa teach againn, níl aon ghá le riail agus tá súil agam nach mbeidh gnóithe léi a choíche. Má tá scoláirí Gaeilge agat sa teach, caithfidh tú an riail a chur i bhfeidhm, agus tá eagla orm faoin éifeacht a bheadh ag sin ar na páistí. An bhfeicfidh siad ar an Ghaeilge mar theanga an 'údarais' agus ar an Bhéarla mar theanga na 'reibiliúnaithe' - rud atá go minic níos tarraingtí do pháisti... go hairithe Dan s'againne!
Ar scor ar bith beidh bliain nó dhó agam chun teacht le straitéis. Idir an dá linn tá súl agam go mbeidh am ar dóigh acu uilig. Tá fhios agam go bhfuil Margaret ag súil le dul chuig na céilithe. Tá sí mór go leor i mbliana le dul suas liomsa nó le mámaí. Abair paidir go mbeidh aimsir mhaith acu!

6 comments:

  1. Ar tharla sé riamh gur fhoghlaim tusa nó duine eile ar an oileán -- máthair Suzanne, cuir i gcás -- giota Gaeilge (focal nua, cor cainte, imirt focal, etc.) ó na scoláirí?

    ReplyDelete
  2. Cuireann an tagairt do na scolairí samhraidh i gcuine dom mo thuras féin don Ghaeltacht in Oileán Cléire in Iarthar Chorcaí agus Báile na Sceilge i gCiarraí Theas .Sea labhramar Béarla aon uair gur féidir linn ach nuair a bhíomar níos sinne fuair mise amach go raibh síol na Ghaeilge curtha ionam agus thosnaíos ar an teanga a athfhoglaim ag meanaois.I mo thuairmse bionn fiúntas i gconaí do dhaltaí scoile dul go dtí an Ghaeltacht.Chuaigh mo phaistí féin go Chorca Dhuibhne agus baineadar an - sult as.

    ReplyDelete
  3. Ceist agam ort, a Phroinsias, nach mbaineann beag ná mór le hábhar an phíosa seo, ach níl do sheoladh ríomhphost agam agus níl agam ach an cheist a chur ort ar an gcaoi seo. Tá súil agam nach miste leat sin.

    Tá ‘Cóiríú Coirp’ faoi chaibidil ag Seán thall in Thall is Abhus i láthair na huaire, scéal suimiúil á insint aige faoin nós a bhíodh ann ag comharsa na háite i mBaile Átha Cliath corp na marbh a chóiriú; scéal a ríomh a mháthair dó blianta ó shin, is cosúil. Ar aon nós, creidim go dtarlaíonn sé seo fós in áiteanna ar fud na tíre, go háirithe, b’fhéidir, ar oileáin amach ón gcósta, nach mbeadh fáil acu ar adhlacóir, nó a leithéid.

    Sí mo cheist ort, mar gheall mé do Sheán go gcuirfinn ceist anseo agus ansiúd ó tharla go bhfuilim fiosrach, an dtuigeann tú, an mbíonn na coirp á gcóiriú, ó am go chéile, ag comharsa na háite in Arainn fós? Más fearr leat é, is féidir d’fhreagra a chur chugam ag miseaine, agus an @ sin, ag gmail.com. Maith thú!

    ReplyDelete
  4. Cinnte, a Denis. Tagann an focal 'cuisneoir' chun cuimhne agus cinnte go bhfuil neart eile ann. Níor mhaith liom go sílfeá go bhfuil rud agam in éadan na scoláirí. Níl ar chor ar bith. Idir a bheith mar cheannaire sa cholaiste agus a bheith ag múineadh ann tá 20 bliain nach mór caite agam ag obair leo.
    Is cinnte go dtugann siad cuid mhór don áit agus go bhfaigheann siad cuid mhór ar ais. Tá saol an oileáin i bhfad níos saibhre dá mbarr, agus spreagann an coláiste an Ghaeilge i measc mhuintir óg an oileáin.
    Is dócha gurb é an rud beag amháin a bheadh ag cur isteach ormsa ná an phoilíneacht teanga i mo theach féin. Ar an drochuair, mar mhúinteoir istigh i gcóras, is gá dom poilíneacht teanga a dhéanamh ar scoláirí (ar scoil agus sa choláiste) chun an tumoideachas a chinntiú. Is rud é nach bhfuil mé ag iarraidh a thabhairt chun an bhaile liom!

    ReplyDelete
  5. A Áine, chonaic mé an cóiriú coirp déanta go minic. Sin ráite, is rud é nach bhfaca mé déanta le tamall de bhlianta. Tá adhlacóir ar an Chlochán Liath anois agus tig sé isteach chun an oileáin chun balsamú a dhéanamh ar na coirp.
    An uair dheireanach a chonaic mé déanta é, nó ar m'athair mór, go ndeana Dia a mhaith air! Fuair sé bás cúig bliana déag ó shin. Mo chuid aintíní a chóirigh a chorp.
    Rud a chuir mé suntas ann ag an am nó an babhla beag salainn a chuir siad ar a bhrolach. Chuir mé ceist orthu, cén fáth go raibh sé curtha ansin acu. Leis an taise a bhaint amach as an aer chun nach mbeadh an corp ag at, an freagra a fuair mé.
    Tá neart nósanna a bhí ann agus a bhfuil cuimhne agam orthu atá i ndiaidh titim i léig anois. Bhí bean chaointe ag an fháire chéanna. Bhí sé an-suimiúil a bheith ag éisteacht lei ag filíocht ar m'athair mór, mar a dhéantaí fadó. Níl sé feicithe agam ó shin. Tá an bhean chaointe í féin marbh anois.
    Tá mé i Leitir Ceanainn anocht ach beidh mé ag dul isteach abhaile amárach agus cuirfidh mé cúpla ceist. Tiocfaidh mé ar ais chugat.

    ReplyDelete