Thursday, June 25, 2009

Carda Poist II

An dara lá caite i Sasana anois againn. D'fhan muid taobh amuigh de Stratford Upon Avon aréir. Thug muid cuairt ar an bhaile tráthnóna inné agus bhí muid chomh tógtha leis, go ndeachaigh muid ar ais ann maidin inniu. Bíonn cuma chomh maith sin ar achan rud nuair a bhíonn an ghrian ag soilsiú, agus ní haon éisceacht é Stratford. Baile thar a bheith tarraingteach atá ann. Dar ndóigh tá rian Shakspere le feiceáil in achan áit. 
Ar eagla go síleann sibh go bhfuil mé amú le mo chuid litrithe,  tá rud amháin foghlaimithe agam le cúpla lá anuas. Níl ach 6 shampla fágtha againn sa lá atá inniu ann de shíniú Shakspeare, scríofa ina lámh féin. Is cosúil nach raibh sé cinnte é féin cén dóigh lena shloinne a litriú, mar tá sé litrithe 5 bhealach difriúil aige sa 6 shampla atá againn - rud suimiúil: níl SHAKESPEARE (an leagan atá coitianta inniu) scríofa aige in aon cheann de na samplaí!
Ar scor ar bith, bhain na páistí agus a dtuismitheoirí an-sult as an bhaile, taobh amuigh de thicéad páirceála a fuair Daidí a chur drochspion air ar feadh tamaill bhig. Tá mé idir dhá chomhairle maidir len é a íoc. Bhí mé ocht mbomaite mall ag teacht ar ais chuig mo charr, agus ba léir d'aon mhaor tráchta a d'amharc ar an Suzuki pacáilte atá againn gur turasóirí ar bheagán tuigbhéala ar dheasghnátha na tíre iasachta seo, a bhí ionainn. Creidim go mbeidh sé doiligh go leor orthu teacht orm sa bhaile. Tchífidh mé!
Tá muid in Oxford anocht. Thug muid cuairt ar cheantar na hOllscoile tráthnóna. An deas ar fad. Sílim go raibh bronnadh gradam ar siúl i gColáiste Christ Church. Bhí na gúnaí á gcaitheamh ag achan duine agus muid ag dul thar bráid. Ba radharc iontach é. D'inis mé do Suzanne gur ghairid go mbeadh Margaret s'againne ar ais anseo i mbun taighde iar-dhochtúireachta. D'amharc sí orm mar a bheadh adharca ag fás ó bharr mo chloiginn. Síleann sí go gcónaím sna spéarthaí, go mairim i ndomhan na mbrionglóidí go minic - b'fhéidir go bhfuil an ceart aici. Tá bundún uirthi faoi Mhargaret, áfach. Fan go bhfeicfidh sibh!

2 comments:

  1. Ná bac leis an ticéad páirceála. Díreach cuir nóta chucu ag insint dóibh gur tú Mac an Bhaird...:)

    ReplyDelete
  2. Bainfidh mé triail as sin, a Áine!
    "A dhíol nó gan a dhíol....sin í an cheist!"

    ReplyDelete