Tuesday, June 16, 2009

Tá hata ar an charr!

Cheannaigh mé bocsa dín do mo charr inné. Beidh muid ag imeacht go dtí an Bhreatain Bheag agus Sasana ar laethanta saoire an tseachtain seo chugainn agus tá tuilleadh fairsinge de dhíth orainn sa charr.
Nuair a bhailigh mé Margaret agus Dan ón naíolann, agus nuair a chonaic siad é baineadh stad astu. Bhí cineál de eagla ar Mhargaret. "Ar cheannaigh tú carr úr?" a dúirt sí liom. Ní raibh faitíos de chinéal ar bith ar Dan. Léim sé suas agus síos ag síneadh méir ina threo ag scairtigh "Hata, hata, hata!"
Chuir sin mise agus Margaret ag gáire agus rinne muid jóc mór de - "Tá hata ar an charr!" Bhain siad an-sult go deo as. Ar an bhealach chun an bhaile, chum muid amhrán beag fá dtaobh de:
"Tá hata ar an charr
tá hata ar an charr
Hé hó mo dhaidí ó
tá hata ar an charr!" (fonn: the farmer has a wife)

Fá dheireadh an lae inné, bhí seacht véarsa déag againn. "Tá mámaí ina suí....", "Tá Dan ar an slide..." etc etc.
Bhí muid ag caint fá dtaobh de aréir - an dóigh go ndearna Dan ceangal idir an bocsa dín agus hata. Uaireanta tig Margaret amach le habairtí agus deir muid, cár chuala sí é sin? Tá sí ag an phointe anois, go dtig léi na focail atá aici a mhúnlú chun a tola féin agus a ciall féin a dhéanamh tríd iad a chur le chéile ar dhóigheanna difriúla. Níl sí ag brath níos mó ar an rud atá cloiste aici go minic a rá arís chun cibé rud atá uaithi a fháil. Sin atá á dhéanamh ag Dan, cé nach bhfuil seisean i bhfad ina diaidh-sa de réir cosúlachta.
Is dócha go bhfuil téarma éigin ag na saineolaíthe don chéim ag a bhfuil sí, níl fhios agam é, ach tá sé an-suimiúil. Cibé rud é, beidh an bocsa dín ina chuidiú mhór dúinn agus muid ag taisteal fríd an Bhreatain Bheag agus Sasana - cá bhfios, b'fhéidir go mbuailfidh muid isteach chuig Ascot. Do bharúil bhfuil duais acu don hata is fearr ata á chaitheamh ag carr....

2 comments:

  1. Cibé faoi duais, is léir go bhfuil bua na cumadóireachta sna géinte acu, a chara...

    ReplyDelete
  2. Dála an scéil, tá gleas mar seo feistithe ar charr s'againne agam inné, agus nuair a chonaic Frederike (2 1/2) é dúirt sí "tá hata ar ghluaisteáin mhamaí"!

    ReplyDelete