Thursday, June 11, 2009

Imeacht Ama

Is aisteach an rud é an t-am. Tá amannaí ann nuair a ba mhaith linn é a bheith ag imeacht ar aghaidh go gasta, tá amannaí eile ann nuair a ba mhaith linn é a mhoilliú.
Tá ráite agam roimhe go bhfuil teach á thógáil againn san am i láthair. Dúradh nuair a thosaigh muid ar an obair go mbeadh sé réidh fán am seo, is cosúil anois nach mbeidh sé réidh do dtí deireadh an tsamhraidh ar a luaithe. Tá ár gcuid pleananna
 ceiliúrtha curtha siar againn go dtí Nollaig na bliana seo - ar eagla na heagla. Is fada liom an fanacht.
Ansin, tá amannaí ann gur mhaith liom stad a chur le himeacht an ama. Ba mhaith liom go bhfanfadh na páistí mar atá siad, níor mhiste liom seachtain a dhéanamh d'achan lá, mí d'achan seachtain.
Tá eisceachtaí ann, ar ndóigh. Bhí oíche Mháirt iontach fada. Bhí mámaí as baile agus ní rachadh Dan a chodladh domh. "Amharc ar Barney", "Amharc ar Bob the Builder", "C'uil Mámaí?", "Amharc ar Maggie Bheag", "Mámaí, c'uil mámaí?" - ní fhéadfá é a shásamh. Bhí na páistí eile ina gcodladh ach ní ghéillfeadh sé. Achan uaill léanmhar chaointe uaidh gach uair a chuir mé isteach sa leabaidh é. Bhí sé ag múscailt na bpáistí eile agus b'éigean domh é a thógáil. Sin gasúraí agus a gcuid mámaithe duit. Ní dhéanfadh a dhath é a shásamh ach mámaí. Sa deireadh thit sé thart ag leath i ndiaidh a haon déag. Tráthnóna fada! Ba chuma liom ach mhúscail sé arís ag 5.30 rn agus chaith sé uair iomlán ag caoineadh, ag cuartú a mhámaí. Mhúscail sé achan duine sa teach.
Sea, oíche fhada, ach eisceacht. Faoi sholas na maidne gile (mar atá againn i dTír Chonaill inniu) níor mhaith leat rud ar bith a athrú futhu, níor mhaith leat go bhfaighfeadh an t-am greim crúb orthu. Tá mé críonna go leor, ar an drochuair domh féin, go dtuigim gur feadalaigh in aghaidh na gaoithe atá ann ag iarraidh stop a chur le himeacht ama. Níl a dhath go dtig linn a dhéanamh ach sult a bhaint as agus taifead a choinneáil de chomh fada agus is féidir.
Dá bhfásfadh an teach chomh gasta is atá na páistí, bheadh sé ina chúiteamh beag!

3 comments:

  1. Mar a dúirt Futa Fata san amhrán, "Imíonn an t-am, a stór, casann an domhan mór..."

    Is mór an trua é nach bhfuil an teach nua réidh le haghaidh an tsamhraigh. Ach ní chuireann sé sin puinn iontais orm, faraor. Seo riail nár theip orm riamh: éist leis an tógálaí agus ansin cuir trí mhí -- ar a laghad -- lena ghealltanas!

    ReplyDelete
  2. Léigh m'alt 'Teanga Nua' ón 8 Bealtaine, a Phroinsias, agus feicfidh tú go dtuigim do chás go rómhaith!

    Is cosúil go mbíonn na fir oibre chomh héifeachtach le Bob the Builder, in amanna, agus tú ag iarraidh Dan a chur a luí - ní oibríonn sé mar ba chóir...:)

    ReplyDelete
  3. Tuigim sin go maith anois, ach... Tiocfaidh an samhradh agus fásfaidh an féar!

    ReplyDelete