Monday, June 8, 2009

Ag athrú staisiún.

Clár eile ar an teilifís anocht faoi mhí-úsáid pháistí. Dochtúir i gCo Lú an t-am seo. An mise an t-aon duine a bhfuil fonn air siúl amach as an tseomra nuair a thagann cláracha den chinéal seo ar an teilifís? B'fhearr liom a bheith ag déanamh rud ar bith ná a bheith á gcoimhéad.
Ansin, mothaím ciontach nuair nach dtugaim aird orthu, bíonn éinín beag ar mo ghualainn ag cogarnaigh liom, ag rá gur chóir domh aird a thabhairt orthu, gur chóir domh suí fríothu, go bhfuil seirbhís tábhachtach á chur ar fáil dúinn mar phobal, go bhfuil sé tábhachtach go dtiocfadh na scéalta seo chun solais. Agus tá, ach cuireann siad isteach orm. 
Mothaím agus mé á gcoimhéad go bhfuil mé ag éirí níos amhrasaí agus diúltaí mar dhuine, mothaím go bhfuil cibé giota beag den tsoineantacht atá fágtha ionam á scuabadh ar shiúl. Éirím imníoch faoi mo pháistí féin, agus ní maith liom é.
Faoin am seo, tá mé ag súil go géar leis an lá nach mbeidh aon trácht eile a choíche arís ar mhí-úsáid pháistí. Nuair a tháinig  Tuarascáil Ryan amach seachain nó dhó ó shin, dúirt mé liom féin: seo é faoi dheireadh, tá achan rud foscailte, tá na scéalta uilig nochtaithe. Thig linn deileáil leo agus bogadh ar aghaidh.
Ach sin í an cheist, an féidir linn bogadh ar aghaidh. Tá eagla orm go mbeidh na scéalta agus na scanaill seo á bplé againn mar phobal go ceann i bhfad eile. Tuigim dóibh siúd a bhfuil a gcuid saolta scriosta acu ag mí-úsáid. Dá dtarlódh a leithéid domh féin nó do mo pháistí, bheinn ag iarraidh fuil mar éiric, ach caithfidh sé go dtagann am, nuair is féidir linn na drochrudaí inár stair a chur taobh thiar dúinn, foghlaim uathu cinnte, struchtúir a athrú, pionós a ghearradh, cúiteamh a thabhairt... ach bogadh ar aghaidh.
Is é an rud a b'fhearr a thiocfadh linn a dhéanamh mar phobal nó saol sábháilte sona a chruthú dár bpáistí. Tá eagla orm, áfach, gur tír chúramach, amhrasach, airdeallach a bheas in Éirinn na mblianta romhainn. Mothaím go mbeidh cuid mhór den tsaoirse, oscailteacht agus soineantacht a bhí ann nuair a bhí mise óg imithe, agus is mór an trua é sin.
Maith domh é, má thiontaím an staisiún teilifíse an chéad uair eile a thig clár den chinéal ar siúl.

4 comments:

  1. Beidh an cos ar bolg linn i gcónaí. Is cuid den nadúr (tite) daonna atá ann. Agus is cos ar bolg atá i gceist sna cásanna seo ar fad.

    Imní eile atá ormsa - go bhfuilimid chomh gafa sin ag plé le eachtraí an lae inné (cuireadh deireadh leis na scoileanna tionscail sna 1970í) go bhfuil muid dall ar an olc atá ag tarlú anois.

    Ceist deacair atá ann - conas do leanaí a chosaint gan a soineatacht a scrios. An comhairle is fearr atá feicthe agam ná go mbeadh muinín acu asat, go mbeadh siad oscailte leat. Ach tá sin sách deacair.

    ReplyDelete
  2. Tá an scéal mar an gcéanna ó thús ama, gach tuismitheoir ag ceapadh go bhfuil an saol ag athrú, agus gur i ndonacht atá sé ag dul. Caithfimid, mar thuismitheoirí, athrú leis an saol, a Phroinsias agus a Aonghuis, mar aon lenár bpáistí. Is fúinne é ár bpáistí a thabhairt slán tríd an am ar leith seo.

    Agus mo thriúr pháiste féin ag fás aníos, d’fhreagair mé chuile cheist uatha go fírinneach, nuair a bhí mé in ann freagra a thabhairt, ar ndóigh – níl mé chomh cliste sin agus freagra agamsa, ná ag aon duine eile, ar gach ábhar! Nuair nach raibh freagra agam, dúirt mé é sin leo. Agus ghlac siad leis, gan fadhb.

    Is féidir soineantacht an pháiste a shábháil gan é/í a choinneáil dall ar chúrsaí an tsaoil. Is fearr a bheith oscailte, agus neart grá a chur san áireamh agus scéalta ‘deacra’ á roinnt leo. Ar ndóigh, níl ansin ach mo thuairim, ach tá siad fós ag roinnt na mbarróg go fial liom!

    ReplyDelete
  3. Caithfidh mé a rá go bhfuil an-chomhairle a fháil agam. Go raibh míle maith agaibh. Bhí imní orm nuair a bhí mé ag cur tús leis an bhlag seo, mar is duine measartha príobhaideach mé, ach tá athas orm anois gur thosaigh!

    ReplyDelete